Is plandaí uisceacha dúchasacha d'Abhantrach na hAmasóine é Eichhornia crassipes, ar a dtugtar go coitianta an hiasaint uisce, agus is minic a bhaineann fadhbanna leo lasmuigh dá raon dúchais mar speicis choimhthíocha ionracha.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoEichhornia crassipes Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Dath na mbláthannaviolet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdCommelinales
FinePontederiaceae
GéineasEichhornia
SpeiceasEichhornia crassipes Cuir in eagar ar Wikidata
Solms
Ainmníocht
BasainmPontederia crassipes Cuir in eagar ar Wikidata

Planda ilbhliantúil uisceach (nó hidrifít), saor-snámhach is ea an hiasaint uisce atá nádúrtha do Mheiriceá Theas trópaiceach agus fo-thrópaiceach. Le duilleoga leathana, tiubha, glasta, ubhacha, d'fhéadfadh an hiasaint uisce ardú os cionn dhromchla an uisce chomh hard le 1 mhéadar ar airde. Bíonn na duilleoga]] 10-20 cm ar leithead ar ghas atá ar snámh trí bholgán buacach mar nóidíní ag a bhun, os cionn dhromchla an uisce. Bíonn gais fhada, spúinseacha agus bolgánacha acu. Bíonn fréamhacha dubhchorcra clúmhacha agus saorchrochta acu. Iompraíonn an ghasóg cheartseasmhach spíce amháin de 8-15 bláth tarraingteach feiceálach, ar dhath an labhandair go bándearg, den chuid is mó, le sé pheiteal. Nuair nach bhfuil sí faoi bhláth, d’fhéadfadh sí a bheith meascaithe le Limnobium spongia nó 'Limnobium laevigatum.