Eitilt Alaska Airlines 1282

Ar 5 Eanáir 2024, b'éigean do eitleán le comhlacht 'Alaska Airlines', Eitilt 1282, tuirlingt éigeandála a dhéanamh nuair a séideadh ceann de fhuinneoga agus taobhphainéal an eitleáin amach le linn na heitilte.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEitilt Alaska Airlines 1282
Íomhá
Cineáltimpiste eitlíochta
uncontrolled decompression (en) Aistrigh
scheduled air service (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana5 Eanáir 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na rannpháirtithepaisinéir: 171
aircrew member (en) Aistrigh: 6 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna0 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na marthanóirí177 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
5 Eanáir 2024 Emergency landing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Alaska 737 Max 9, agus an fhuinneog agus taobhphainéal i lár
Alaska 737 Max 9

Bhí an t-eitleán ar a shlí go Ontario, Los Angeles agus fós ag ardú san aer nuair a tharla an eachtra ag airde 4,900 m. B'éigean di tuirlingt éigeandála a dhéanamh ag aerfort Idirnáisiúnta Portland. Níor gortaíodh aon duine. Idir éirí de thalamh agus tuirlingt, mhair an eitilt 20 nóiméad.

Eitleán úrnua a bhí ann, de dhéantús 'Boeing 737 MAX 9' agus fabht struchtúrach i gceist.

Iarmhairtí cuir in eagar

Bhí 65 eitleán ar fad de dhéantús 'Boeing 737 MAX 9' coimeádta ar an dtalamh ag an aerlíne ar bhonn sealadach i bhfianaise na heachtra. Ansin d'ordaigh rialaitheoirí eitlíochta sna Stáit Aontaithe eitleáin áirithe de chuid 'Boeing 737 MAX 9' a choinneáil le talamh go n-ordaítear a mhalairt.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar