Eilifint Indiach
(Athsheolta ó Elephas maximus indicus)
Is ainmhí mór í an eilifint Indiach. Elephas maximus indicus an t-ainm eolaíoch.Mamach atá ann, fospeiceas de chuid eilifint na hÁise. Tá trí fhospeiceas eile ann: E. m. sumatranus, E. m. maximus agus E. m. borneensis.
Elephas maximus indicus | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Proboscidea |
Fine | Elephantidae |
Géineas | Elephas |
Speiceas | Elephas maximus |
Fospeiceas | Elephas maximus indicus Cuvier, 1798 |
Tá sé le fáil san India agus i dtíortha eile freisin: an Bhanglaidéis, An Bhútáin, an Chambóid, an tSín, Laos, An Mhalaeisia, Burma / Myanmar, Neipeal, an Phacastáin, An Téalainn agus Vítneam.
Bíonn na heilifintí Indiacha suas le 6.4m (21 troigh) ar fhad, 2-3.5m ar airde ag an ngualainn (6.6 - 11.5 troigh) 2.7 - 4.5 tona ar meáchan. Bhí an eilifint Indiach is mó riamh 8m (26 troigh) ar fhad, 3.5m (11 troigh) ar airde agus ocht dtona ar meáchan.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |