Eoghan Mac Cormaic

údar agus gníomhaí Éireannach

Is údar, file, agus iarchime poblachtach as Cathair Dhoire é Eoghan “Gino” Mac Cormaic.

Infotaula de personaEoghan Mac Cormaic
Beathaisnéis
BreithDoire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: iEoghan Cuir in eagar ar Wikidata

Chaith sé cúig bliana déag i bpríosún, ó 1976 go 1991, na blianta 1976–1981 i mbun agóide sna Blocanna H sa Cheis Fhada. In éindí leis na céadta cime eile, dhiúltaigh sé éadaí an phríosúin a chaitheamh ná obair an phríosúin a dhéanamh, ag iarraidh stádas mar chimí polaitiúla a bhaint amach.

Bhí sé ag obair leis an eagraíocht Glór na nGael idir 2005 agus 2023 mar leascheannaire agus bainisteoir for-rochtana.[1] Bhí sé gníomhach freisin ag forbairt cluichí boird éagsúla as Gaeilge.[2]

Ceapadh é ar Bhord Fhoras na Gaeilge in 2006 agus bhí sé ina leaschathaoirleach idir 2007 agus 2015.[1]

Sa bhliain 2022, d'fhoilsigh Mac Cormaic leabhar cuimhní cinn ar an tréimhse a chaith sé “ar an phluid”. Bronnadh an chéad duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais ar an leabhar.[3]

Leabharliosta

cuir in eagar
  • Caibín an Phápa, Coiscéim, 1992 (úrscéal greannmhar)
  • Cúpla Míle Ceist, Glór na nGael, 2006 (tráth na gceist)
  • Nodanna Don Eolach, Glór na nGael, 2007 (leabhar crosfhocal)
  • On the Blanket: An A to Z of Prison Resistance, An Fhuiseog, 2022
  • Pluid: Scéal na mBlocanna H 1976–1981, Coiscéim, 2022
  • Macallaí Cillín: Dánta Príosúin 1982–1991, Coiscéim, 2023

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 "Maidir Linn — Glór na nGael". Dáta rochtana: 2023-04-17.
  2. "www.cluiche.ie — Siopa ar líne do chluichí Gaeilge". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-18. Dáta rochtana: 2023-04-17.
  3. "Buaiteoirí 2021". Dáta rochtana: 2023-04-17.