Eruca vesicaria
Is planda bliantúil inite san bhfine Brassicaceae é Eruca vesicaria, ar a dtugtar go coitianta an ruachán coiteann[1], a úsáidtear mar ghlasra duilleogach dá blas úr, géar, searbh agus piobarach. Is speiceas de Eruca é atá dúchasach do réigiún na Meánmhara, a bhfuil tóir fhorleathan air mar ghlasra i sailéid, ó Mharacó agus an Phortaingéil san iarthar go dtí an tSiria, an Liobáin, an Éigipt agus an Tuirc san oirthear.[2][3]
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Brassicales |
Fine | Brassicaceae |
Treibh | Brassiceae |
Géineas | Eruca |
Speiceas | Eruca vesicaria Cav., 1802 |
Ainmníocht | |
Basainm | Brassica vesicaria |
Cur síos
cuir in eagarIs planda bliantúil é Eruca vesicaria a fhásann ó 20 go 100 cm ar airde. Tá na duilleoga liopach go domhain le ceithre go deich liopa cliathánach beag agus liopa mór mullaigh. Tá na bláthanna ó a 2 go dtí a 4 cm ar trastomhas, eagraithe i gcoirím, le struchtúr bláthanna tipiciúil Brassicaceae. Tá na peitil buíbhán le féitheacha corcra, agus staimíní buí. Is faighneog ar a dtugtar sileac a torthaí, a bhíonn 12 go 25 mm ar fhad le rinnghob, ina bhfuil roinnt síolta (atá inite). Tá uimhir chrómasóim 2n = 22. ag an speiceas [4][5]
Ainm
cuir in eagarDíorthaítear an aidiacht Laidineach sativa in ainm déthéarmach an phlanda ó satum, ainm briathartha an bhriathair sero, rud a chiallaíonn "síol a chur", rud a thugann le fios gur cuireadh síolta an phlanda i ngairdíní. Tá Eruca sativa difriúil ó E. vesicaria toisc go bhfuil seipil duillsilteacha luatha ann. Measann roinnt luibheolaithe gur fospeiceas de Eruca vesicaria é; E. vesicaria fosp. sativa . Fós féin ní dhéanann daoine eile idirdhealú idir an bheirt acu.[6]
Comhchiallaigh
cuir in eagar- Brassica eruca L.
- Brassica erucoides Hornem.
- Brassica erucoides Roxb.
- Brassica lativalvis Boiss.
- Brassica pinnatifida Desf.
- Brassica turgida Pers.
- Brassica uechtritziana Janka
- Brassica vesicaria L.
- Crucifera eruca E.H.L.Krause
- Eruca aurea Batt.
- Eruca cappadocica Reut.
- Eruca cappadocica Reut. ex Boiss.
- Eruca deserti Pomel
- Eruca drepanensis Caruel
- Eruca eruca (L.) Asch. & Graebn. nom. inval.
- Eruca foetida Moench
- Eruca glabrescens Jord.
- Eruca grandiflora Cav.
- Eruca lanceolata Pomel
- Eruca latirostris Boiss.
- Eruca longirostris Uechtr.
- Eruca longistyla Pomel
- Eruca oleracea J.St.-Hil.
- Eruca orthosepala (Lange) Lange
- Eruca permixta Jord.
- Eruca pinnatifida (Desf.) Pomel
- Eruca ruchetta Spach
- Eruca sativa Mill.
- Eruca stenocarpa Boiss. & Reut.
- Eruca sylvestris Bubani
- Euzomum hispidum Link
- Euzomum sativum Link
- Euzomum vesicarium (L.) Link
- Raphanus eruca (L.) Crantz
- Raphanus vesicarius (L.) Crantz
- Sinapis eruca (L.) Clairv.
- Sinapis eruca (L.) Vest
- Velleruca longistyla Pomel
- Velleruca vesicaria (L.) Pomel
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Eruca vesicaria” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Med-Checklist: http://ww2.bgbm.org/mcl/PT[nasc briste go buan]axonDetail.asp?Eruca sativa
- ↑ Blamey, M. & Grey-Wilson, C. (1989). Flora of Britain and Northern Europe. ISBN 0-340-40170-2.
- ↑ Blamey, M. & Grey-Wilson, C. (1989). Flora of Britain and Northern Europe. ISBN 0-340-40170-2
- ↑ Huxley, A., ed. (1992). New RHS Dictionary of Gardening. Macmillan, ISBN 0-333-47494-5
- ↑ Flora Europaea Search Results. https://websites.rbge.org.uk/cgi-bin/nph-readbtree.pl/feout?FAMILY_XREF=&GENUS_XREF=Eruca&SPECIES_XREF=&TAXON_NAME_XREF=&RANK=