Antonio José Cavanilles

luibheolaí Spáinneach (1745–1804)

Maisitheoir leabhar, luibheolaí agus nádúraí Spáinneach ab ea Antonio José Cavanilles y Palop (Valeinsis: Antoni Josep Cavanilles i Palop; 16 Eanáir 17455 Bealtaine 1804). Le Cav. a chuirtear in iúl i litríocht na heolaíochta gur eisean a chur síos ar speiceas den chéad uair.

Infotaula de personaAntonio José Cavanilles

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) Antonio José de Cavanilles (Cavanilles y Palop) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Eanáir 1745
València, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Bealtaine 1804
59 bliana d'aois
Maidrid, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir Luibhghairdín Ríoga Mhaidrid
1801 –
Eagarthóir Anales de Ciencias Naturales (en) Aistrigh
1799 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Valencia Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLuibheolaíocht
Gairmluibheolaí, múinteoir ollscoile, teirideolaí, sagart Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnMariano Lagasca
Faoi thionchar
TeangachaAn Spáinnis
Saothar
Giorrúchán luibheolaíochtaCav.


Find a Grave: 17018046 IPNI: 1465-1Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Cavanilles i València agus d'fhreastail sé ar ollscoil na cathrach sin. Bhain sé céim mháistir i bhfealsúnacht amach sa bhliain 1762 agus céim dochtúra i ndiagacht sa bhliain 1766. Rinneadh sagart de in Oviedo i 1772. Sa bhliain 1777 thug sé aghaidh ar Pháras na Fraince mar theagascóir do pháistí Dhiúc an Infantado.

I bPáras thosaigh Cavanilles ag foghlaim faoin luibheolaíocht faoi threoir André Thouin agus Antoine Laurent de Jussieu. Agus é tagtha faoi thionchar L'Encyclopédie Diderot agus d'Alembert, bhí sé ar na chéad eolaithe Spáinneacha dár bhain feidhm as modhanna oibre nua Linnaeus, athair na tacsanomaíochta. Duine é Cavanilles a bhí ar thús cadhnaíochta sa tarraingeoireacht eolaíoch sa Spáinn.

Idir 1785 agus 1790 foilsíodh 10 n-imleabhar de mhaisiúcháin agus cur síos ar phlandaí leis faoin teideal Monadelphiae classis dissertationes decem (giorraithe mar Diss. Bot. i litríocht na luibheolaíochta). Mar gheall ar Réabhlóid na Fraince, bhí ar Cavanilles dul ar ais go dtí an Spáinn. Sa bhliain 1790 chuir sé tús le comhfhreagras idir eisean agus Jean-Baptiste Fournier, díoltóir leabhar i bPáras, ag iarraidh teacht ar leabhair a raibh cosc orthu sa Spáinn. D'éirigh leis an mbeirt acu timpeall is 700 de na leabhair sin a thabhairt isteach sa tír úd, cuid mhaith díobh réabhlóideach dar le Nicolás Bas, staraí Vaileinseach.[1] Lean sé den obair luibheolaíochta chomh maith, ag déanamh cur síos ar phlandaí ó Pheiriú agus ón tSile a bhailigh an tSluaíocht Luibheolaíochta chuig Leasríocht Pheiriú agus ón tSluaíocht Luibheolaíochta go dtí an Nua-Spáinn. Planda díobh seo a sheasann amach is ea an dáilia, a tháinig sé air i nGairdín Luibheolaíchta Mhaidrid. Cavanilles an chéad duine a chuir síos air.

Thaistil sé trí chuid de Leithinis na hIbéire ag iniúchadh agus ag clárú an flóra dhúchasaigh. Tháinig sé ar roinnt speiceas nua agus ag cur tráchtas i sé imleabhar le chéile, mar atá Icones et descriptiones plantarum quae aut sponte in Hispaniae crescunt, aut in hortis hospitantur (1791-1804). Scrúdaigh sé freisin flóra Mheiriceá Theas agus thiomsaigh sé Glosario de botánica en cuatro lenguas (1795-1798).

In éineacht le Cristiano Herrgen, Louis Proust y García Fernández, chuir sé irisleabhar eolaíochta ar bun a tháinig amach den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1799 faoin ainm Historia Natural (agus faoi Anales de Ciencias Naturales ag tosnú i mí Eanáir, 1801). Cavanilles an t-eagarthóir ba bhisiúla díobh agus 48 alt scríofa aige. (Cristiano Herrgen an dara eagarthóir ba ghníomhaí). Sna blianta 1802–3 bhí Cavanilles ina bhall den Real Sociedad Económica de Amigos del País de Valencia ("Cumann Eacnamaíochta Ríoga Chairde Thír València"), cumann a choimeádann go fóill cuid dá shaothar agus dhréachtaí ina leabharlann agus a chartlann. I measc eolaithe aitheanta eile na linne bhí Cavanilles mór leis an maisitheoir leabhar úd José Viera y Clavijo. Bhí comhfhreagras leathan eatarthu.

 
Sterculia balanghas, léaráid de chuid Cavanilles ón leagan 1790 de Monadelphiae classis dissertationes decem

Bhí Cavanilles ar na chéad daoine a rinne staidéar ar úsáid acmhainní nádúrtha agus forbairt inbhuanaithe. D'aithin sé, mar shampla, agus é ag taisteal tríd an València, go raibh saothrú na ríse ag laghdú an méid uisce a bhí le fáil do bharra níos tábhachtaí. Bhain sé úsáid as an staitistic chun taispeáint go raibh sláinte na ndaoine thíos go mór mar gheall ar shaothrú na ríse. Mar shampla, thug sé ar a súile do dhaoine gur éirigh formhór mór na ndaoine tinn agus gur tháinig méadú ar líon na na marbh i gceantar Almenara an bhliain ar saothraíodh an rís ansin. Cuireadh cosc ar an mbarr sin agus b'shin deireadh leis an tinneas san áit.

Chuir Cavanilles spéis sa talmhaíocht agus nósanna de Valencia, a chúige dúchais, rud atá le feiceáil ina shaothar úd, Observaciones sobre la historia natural, geografía, agricultura, población y frutos del reino de Valencia (1795-1797) ("Tuairimí ar an stair nádúrtha, gheograife, thalmhaíocht, dhaonra agus thorthaí ríocht Valenca (1795-1797"). Ar an saothar seo, baineann Cavanilles feidhm as cuid mhaith de theicníochtaí agus eolaíochtaí na linne mar an luibheolaíocht, geilleagar talmhaíochta, geolaíocht, hiodragrafaíocht, míochaine, geograife, cartagrafaíocht, seandálaíocht agus a lán de phríomhréimsí na tionsclaíochta.

Sa bhliain 1801 ceapadh é mar stiúrthóir an Real Jardín Botánico de Madrid ("Luibhghairdín Ríoga Mhaidrid") mar chomharba ar Casimiro Gómez Ortega, post a bhí aige go dtí a bhás i 1804. D'eagraigh Cavanilles an gairdín as an nua: Thug sé na luslanna, bailiúcháin plandaí beo, plandlanna agus bailiúchán leabhar chun eagair. Bhain a chuid saothair an-mheas ar na gairdíní amach i measc lucht na heolaíochta san Eoraip. Cabhair mhór dó ab ea a chaidreamh fhairsing lena leithéidí Alexander von Humboldt, Aimé Bonpland agus Carl Ludwig Willdenow. D'fhág sé a herbarium, bunléaráidí, bailiúchán leabhar agus lámhscríbhinní le huacht ag an Real Jardín Botánico de Madrid, áit a gcoimeádtar iad go dtí an lá inniu.

  1. Cf. Jesús Caballer, " El 'correo' de la Ilustración. Las cartas del botánico Cavanilles y el librero Fournier, revelan que fue el introductor en España de las ideas de la Revolución Francesa", en El País, 29-XII-2011 http://www.elpais.com/articulo/Comunidad/Valenciana/correo/Ilustracion/elpepiespval/20111227elpval_15/Tes comnsultado en 29-XII-2011 21:42

Naisc sheachtracha

cuir in eagar