Baile beag i gContae Ulster, in oirthear Nua-Eabhrac, sna Stáit Aontaithe, is ea Esopus. Tá Esopus suite ar bhruach thiar na habhann Hudson, taobh theas de chathair Kingston. “Bruacha arda” is ciall do “Esopus” sa teanga Lenape, ainm a thugtaí ar an bpobal áitiúil Lenape freisin. Bhí 9,331 duine ina gcónaí in Esopus de réir dhaonáireamh na bliana 2000. Tá dhá ghráig déag ("hamlet," téarma atá in úsáid go forleathan i stát Nua-Eabhrac) ar fad in Esopus. Tá oifigí bardais Esopus le fáil i ngráig Port Ewen.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilEsopus, Nua-Eabhrac

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 41°49′40″N 73°57′54″W / 41.827777777778°N 73.965°W / 41.827777777778; -73.965
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Eabhrac
County of New York (en) AistrighContae Ulster, Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán9,548 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús87.9 hab./km²
Líon na dteaghlach3,742 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla41.94 mi² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceRondout Creek (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde198 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist12429 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód845 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

 
Teach solais, Esopus, NY

Bhí áit thrádála ag na hOllannaigh agus ag na Lenape in Esopus sa chéad chuid de na 1600í. Fearadh cogadh idir an dá dhream seo faoi dhó sa cheantar. “Cogaí Esopus” a thugtar orthu. (Thugtaí an t-ainm “Esopus” ar cheantar a bhí níos mó ná an baile beag atá ann inniu. Ba chuid d'Esopus í an áit a bhfuil cathair Kingston inniu.) Níor éirigh le ceachtar den dá thaobh bua a bhreith, agus ghabh na Sasanaigh an choilíneacht Ollannach go gairid i ndiaidh an dara cogadh. Kingston a bhí ag riaradh ghnóthaí na háite as sin amach.

Rinneadh baile beag neamhspleách d'Esopus sa bhliain 1811. Ar na daoine nótáilte a bhí ina gcónaí sa cheantar sa 19ú haois bhí Sojourner Truth, daonuasclóir clúiteach a raibh cónaí uirthi mar sclábhaí i ngráigeanna Rifkin, Port Ewen, agus West Park go dtí go bhain sí a saoirse amach. Nuair a bhí sí ina cónaí i Rifkin (go dtí 1807 nó 1808) ní raibh aici ach Ollainnis[1].

Geografaíocht cuir in eagar

Tá 41.9 míle cearnach (109 km2) in Esopus, 37.2 míle cearnach (96 km) de thalamh agus 4.6 míle cearnach (12 km) faoi uisce. Téann an príomhbhóthar 9W ó dheas ó thuaidh tríd an bhaile feadh bhruach na habhann. Tógadh a lán tithe móra ar bhruacha na habhann sa 19ú haois agus go luath san 20ú haois; tugadh an chuid ba mhó díobh d’eagraíochtaí creidimh i ndiaidh don cháin ioncaim teacht isteach sna 1920idí. Tá fíniúnacha sa cheantar chomh maith.

An Ghaeilge cuir in eagar

Tá baint ag Esopus leis an Ghaeilge ar dhá shlí. Bíonn cuid mhaith d'imeachtaí Dhaltaí na Gaeilge ar siúl in Esopus ag ionad chúrsaí spioradálta na mBráithre Máireacha. Tá an t-ionad Máireach suite idir Bealach 9W agus an abhainn i lár páirceanna agus coillte.

Míle slí níos faide ó dheas i ngráig West Park ar Bhealach 9W, tá teach mór ag na Bráithre Críostaí. Is i reilig na mbráithre ansin a cuireadh an Bráthair Séarlas Ó Cuinn. Ba mhúinteoir Gaeilge é agus scoláire ar litríocht na Gaeilge. Bhí sé ina ollamh le Béarla i gColáiste Í (Ollscoil Í anois) i New Rochelle. Crann taca láidir don teanga i Nua-Eabhrac a bhí ann lena linn.

Tagairtí cuir in eagar

Nasc Seachtrach cuir in eagar