Sojourner Truth
Daonuasclóir agus gníomhaí ar son cearta na mban i bhí in Sojourner Truth nó Isabela Baumfree mar a rugadh í (t. 1797 – 26 Samhain, 1883).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Isabella Baumfree c. 1797 Hurley, New York |
Bás | 26 Samhain 1883 85/86 bliana d'aois Battle Creek, Michigan |
Áit adhlactha | Oak Hill Cemetery (en) 42° 18′ 25″ N, 85° 10′ 41″ O / 42.306944°N,85.178056°W |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Sojourner Truth |
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
Reiligiún | Modhachas |
Áit chónaithe | Battle Creek |
Teanga dhúchais | an Ollainnis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Daonfhuascailteachas |
Gairm | gníomhaí ar son chearta an duine, gníomhaí ar son chearta na mban, daonfhuascailteoir, gníomhaí ar son cearta vótála |
Teangacha | An Ollainnis agus Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | sojournertruthmemorial.org |
Rugadh mar sclábhaí í, i Swartekill, Nua-Eabhrac, in Esopus. D’éalaigh sí le hiníon nuabheirthe léi óna gcuid máistrí sa bhliain 1826.
“Sojourner Truth” an t-ainm a thug sí uirthi féin ón mbliain 1843 i leith agus ise ag obair i gcoinne na sclábhaíochta. Bhí sí gníomhach le linn an Chogaidh Chathartha sna Stáit Aontaithe ag iarraidh fir ghorma a spreagadh chun troid in airm an Tuaiscirt.
I ndiaidh an chogaidh, rinne sí iarracht in aisce talamh a fháil ó rialtas na tíre do na sclábhaithe saortha. Chuir sí teach banaltrachta do sheandaoine gorma ar bun i stát Nua-Eabhrac freisin.
Fuair sí bás in Battle Creek, Michigan sa bhliain 1883.