Fisiceoir, údar, agus feimineach Meiriceánach ab ea Evelyn Fox Keller (20 Márta 1936 – 22 Meán Fómhair 2023). Bhí sí ina hOllamh Emerita le Stair agus Fealsúnacht na hEolaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts. Dhírigh luathshaothar Keller ar thrasnú na fisice agus na bitheolaíochta.[1] Dhírigh a taighde ina dhiaidh sin ar stair agus ar fhealsúnacht na bitheolaíochta nua-aimseartha agus ar inscne agus eolaíocht..

Infotaula de personaEvelyn Fox Keller

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Márta 1936
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Meán Fómhair 2023
87 bliana d'aois
Cambridge, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harvard - céim dochtúireachta
Ollscoil Brandeis - Baitsiléir Ealaíon
Coláiste Radcliffe - céim máistreachta Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreStaidéar inscní, inscne, bitheolaíocht mhóilíneach, Stair na heolaíochta agus na teicneolaíochta, fealsúnacht na heolaíochta, matamaitic agus fisic
Gairmfisiceoir, beathaisnéisí, gníomhaí ar son chearta na mban, bitheolaí, scríbhneoir, acadóir, múinteoir ollscoile, fealsamh, feimineach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirInstitiúid Teicneolaíochta Massachusetts
Ollscoil Stáit Nua-Eabhrac, Purchase
Ollscoil Oirthuaisceartach
Ollscoil California, Berkeley
Ollscoil Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileJoseph Keller (1963–1976), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Keller in Jackson Heights, Queens d'inimircigh Ghiúdacha ón Rúis, agus d'fhás sí aníos i Woodside, Queens. Bhain sí B.A. amach sa bhfisic ó Ollscoil Brandeis sa bhliain 1957 agus lean sí dá cuid staidéir sa bhfisic theoiriciúil in Ollscoil Harvard agus Ph.D. bainte amach aici sa bhliain 1963.

Chuir sí suim sa bhitheolaíocht mhóilíneach le linn cuairte ar Shaotharlann Cold Spring Harbor Laboratory agus a tráchtas Ph.D. á chríochnú aici. Theagasc sí in Ollscoil an Oirthuaiscirt, Ollscoil Cornell, Ollscoil Maryland, Ollscoil an Iarthuaiscirt, Ollscoil Princeton, Ollscoil Stáit Nua-Eabhrac ag Purchase, Ollscoil Nua-Eabhrac agus i roinn na reitric in Ollscoil California, Berkeley.. Ba é a deartháir Maurice Sanford Fox a spreag a luathshaothar san eolaíocht.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. e.g, Keller (1970). "Initiation of slime mold aggregation viewed as an instability". Journal of Theoretical Biology 26 (3): 399–415. doi:10.1016/0022-5193(70)90092-5. PMID 5462335. Bibcode1970JThBi..26..399K.