Fíachu Fínscothach
Ard-Rí na hÉireann
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Fiacha Fíonscothach (Sean-Ghaeilge Fíachu Fínscothach[1][2]) mac Sétna Airt. Dúradh go raibh ann le linn a thréimhse "Scothanna Fíona", a fáisceadh isteach i ndabhcha gloine.
Cineál | duine carachtar miotasach |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Muintir | |
Athair | Sétna Airt |
Leanaí | Ollom Fódla |
Tháinig a athair i gcoróin tar éis dó an t-iar-ard-rí Rothechtaid mac Main a mharú ag Ráth Cruachan i gcomhrac aonair chun Fíachu a chosaint. Chuaigh Fíachu ar deoraíocht, ach tháinig ar ais í dteannta le "loingeas dubh". Le cuidiú ó Muinemón, mharaigh sé a athair agus tháinig féin i gcoróin. Bhí sé i réim ar feadh fiche bliain sular mharaigh a iar-chomrádaí Muinemón é.[3][4]
Achar ama
cuir in eagar- Foras Feasa ar Éirinn: 975–955 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí: 1353–1333 RC.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1 scothach nó b'fhéidir 2 scothach ar eDIL
- ↑ Rudolf Thurneysen, A Grammar of Old Irish, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 220-221
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 229-231
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, G100054 (1.26)
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M3847 - M3867
Réamhtheachtaí Sétna Airt |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1353–1333 RC FFÉ 975–955 RC |
Comharba Muinemón |