Is físchluiche sacair é FIFA Soccer 95 a d'fhorbair an comhlacht Meiriceánach Electronic Arts. Eisíodh an cluiche don Sega Genesis i mí na Samhna 1994. Ba é an dara cluiche sa tsraith FIFA, ag leanúint an chluiche FIFA International Soccer a tháinig amach sa bhliain 1993, agus ba é an t-aon cheann sa tsraith nár eisíodh ar an ríomhaire.

FIFA Soccer 95

Foilsiú
10 Samhain 1994 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrafíschluiche sacair
Cur síos ar an gcruinne ficseanúilFIFA universe (en) Aistrigh
Ar fáil sa
Saintréithe teicniúla
ArdánSega Genesis
Modhannafíschluiche d'imreoir aonair agus físchluiche ilimreoirí
Gléas ionchuirceap stiúrtha
Foireann
Forbróir(í)EA Vancouver
EagarthóirEA Sports Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirJeff van Dyck
Cáilíochtaí
ESRB
enllaç=d:Q14864328
PEGI
enllaç=d:Q14915512

Tuilleadh eolais
MobyGamesfifa-soccer-95 Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt1779396 Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith: FIFA (peil fantaisíochta) Cuir in eagar ar Wikidata

Ionsamhlú sacair a úsáideann dearcadh isiméadrach atá sa gcluiche. Rialaítear imreoir amháin den aon duine dhéag ar fhoireann, agus táthar in ann an t-imreoir faoi rialú a athrú ag am ar bith. Is féidir le suas le ceathrar an cluiche a imirt san am céanna, gach ceann acu ag rialú imreoir difriúil. Tá na himreoirí eile faoi stiúir an ríomhaire.

Is é an cluiche an chéad cheann sa tsraith a bhfuil clubanna ó shé shraith náisiúnta ar fud na hEorpa ann: an Premier League i Sasana, Ligue 1 sa Fhrainc, an Bundesliga sa Ghearmáin, Serie A san Iodáil, an Eredivisie san Ísiltír, agus La Liga sa Spáinn. Tá roinnt clubanna ó na sraitheanna Campeonato Brasileiro sa Bhrasaíl agus an American Professional Soccer League ar fáil freisin. Níor chlúdaigh na ceadúnais ainmneacha na n-imreoirí, agus mar sin úsáideadh ainmneacha ficseanúla sa gcluiche.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar