Falscaithe san Astráil, 2019-2020

Tharla falscaithe ollmhóra san Astráil le linn samhradh 2019-2020. Bhí na céadta tine ar lasadh in oirdheisceart na tíre.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFalscaithe san Astráil, 2019-2020
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Australian bushfire season Cuir in eagar ar Wikidata
CineálAustralian bushfire season (en) Aistrigh
tubaiste
tonn teasa Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama2019-2020 one-year-period (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTasman District, An Nua-Shéalainn (en) Aistrigh
Kangaroo Island, South Australia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna445 Cuir in eagar ar Wikidata
Damáistitheáitreabh (28 Eanáir 2020)
1,915 foirgneamh (28 Eanáir 2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Scriosta2,399 áitreabh (28 Eanáir 2020)
5,263 foirgneamh (28 Eanáir 2020) Cuir in eagar ar Wikidata
"Our house is on Fire", agód i Melbourne, 2019

Cúlra cuir in eagar

Mallacoota, 2020

Tháinig méadú ar an meánteocht samhraidh ar fud na tíre sna 2000idí,[1] agus níor taifeadadh riamh aon séasúr ba theo ná tús an tsamhraidh in 2019.[2] Ba í an bhliain 2019 an bhliain ba thirime san Astráil ó 1900 i leith agus an bháisteach 40% níos ísle ná an meánmhéid.

Mallacoota

2009 cuir in eagar

Fuair suas le 173 duine bás i mí Feabhra 2009 de bharr na dtinte san Astráil.[3] Bhí bailte i Victoria dóite go hiomlán agus bhí na mílte acra talún scriosta. Dúirt Príomh Aire na hAstráile ag an am gur dúnmharfóirí iad na daoine a thosaigh na tinte d'aon turas.[4]

2019 cuir in eagar

5 Eanáir 2020 i Mallacoota

Bhí na tinte coille ag dó le roinnt míonna, idir Lúnasa agus Nollaig 2019, ach chuaigh i ndonas i mí na Nollaig 2019 i ngeall ar an teas mór. Bhí gaoth láidir á scaipeadh freisin. Theip ar shéasúr na báistí arís agus bhí an scrobarnach í chomh tirim le sponc.

I ndeireadh na bliana, am Nollag, bhí na mílte daoine sáinnithe ar thránna tar éis dóibh teitheadh ó thinte coille atá ag réabadh leo sa réigiún. Ar 30 Nollaig 2019, bhí os cionn 4,000 duine - idir thurasóirí agus dhaoine áitiúla - sáinnithe ar an gcladach i mbaile Mallacoota.[5] 526 ciliméadar ó dheas ó chathair Sydney mar gheall ar an loscadh mór. Bhí tearmann faighte ag daoine ar thránna eile feadh an chósta freisin agus bhí daoine áirithe in ann teitheadh i mbáid. Ar an lá céanna, iarradh ar 100,000 duine teitheadh ó chúig fho-bhaile i gcathair Melbourne.[6]

Costas cuir in eagar

Idir Nollaig 2019-Feabhra 2020, maraíodh 34 go díreach agus 434 go hindíreach (ionanálú deataigh, asma srl). Ní raibh lucht fóirithinte in ann dul chomh fada le daoine a bhí sáinnithe in áiteanna i stáit New South Wales agus Victoria.[7] Bhí baol tinte ag cur isteach ar dheisceart na hAstráile agus ar an Tasmáin chomh maith.[8]

Loisceadh réimse leathan foraoise agus bhí na milliún heicteár talún scriosta.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. The facts about bushfires and climate change, Climate Council, 13 Mí na Samhna 2019
  2. Climate of the Nation2019, The Australia Institute, lch 3.
  3. "Black Saturday bushfires" (as en) (2023-06-07). Wikipedia. 
  4. Nuacht RTÉ (2009-02-09). "Cinnlínte Nuachta" (as ga-IE). 
  5. Cé gur baile beag é Mallacoota, tugann na mílte cuairteoirí aghaidh ar an áit aimsir na Nollag.
  6. Nuacht RTÉ (2019-12-31). "Na mílte ag teitheadh ó thinte coille san Astráil" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2020-01-01). "15 duine ar a laghad maraithe de bharr na dtinte san Astráil" (as ga). 
  8. Nuacht RTÉ (2019-12-30). "Oibrí dóiteáin deonach tar éis bháis san Astráil" (as ga-IE).