Is riocht an-choitianta é asma (nó múchadhplúchadh), fadtéarmach go minic, a chuireann isteach ar na haerbhealaí – na feadáin bheaga a iompraíonn aer isteach sna scamhóga agus amach astu.[1] Nuair a éiríonn asma ina ghalar ainsealach, cúngaíonn na píobáin anála nó na broncais sna scamhóga . Mar thoradh air sin, bíonn an-deacracht ar an duine bheith ag análú, ach go háirithe le heispioráid (easanálú).

Ionsaí plúchadh
Cúiseanna

Cur síosCuir in Eagar

Istigh sna scamhóga tá feadáin bhídeacha a leathann amach ar a dtugtar aerbhealaí a iompraíonn aer isteach in aershaic bheaga (nó ailbheolaí) agus amach astu agus ocsaigin á malartú do dhé-ocsaíd charbóin. Laistigh dá mballaí tá matáin ag na haerbhealaí (nó feadáin bhroinceacha) agus ciseal de líneáil. I gcás asma, éiríonn na haerbhealaí níos cúinge ná mar is gnách agus dá bhrí sin tá sé níos deacra don aer dul isteach sna scamhóga agus leis an aer a easanálú.[1]

análóirí

D’fhéadfadh aerbhealaí atá mothálach agus athlasta a bheith ag leanaí agus daoine óga a bhfuil asma orthu. Is féidir le rudaí a spreagann tús leis an riocht seo cur isteach ar na haerbhealaí seo. Fáisceann na matáin timpeall bhallaí na n-aerbhealaí agus éiríonn na haerbhealaí níos cúinge. Athlasann líneáil na n-aerbhealaí agus atann sí. Go minic bíonn múcas greamaitheach nó réama ann.[1]

análóirí

TréitheCuir in Eagar

Tá éagsúlacht sa chineál asma a bhíonn ar dhaoine. Cé go bhféadfadh casacht nó cársán anois is arís, d’fhéadfadh siomptóim níos troime a bheith ag daoine eile. I gcásanna áirithe an t-aon siomptóm asma a d’fhéadfadh a bheith ann ná an chasacht.

Tá carsán ar cheann d'airíocha an asma. Éiríonn an traicé, na broincíní, na broincíní scamhógacha is na duchtanna ailbheolacha isteach sna hailbheolais féin, an-íogair. Laghdaíonn an trastomhas i gcás gach ceann de na píobáin sin. Is mar thoradh air sin a tharlaíonn an giorra anála is an anacair. Is measa a bhíonn plúchadh san oíche ná sa lá, dála a lán breoiteachtaí, agus is measa sa gheimhreadh ná sa samhradh é ag na daoine go leanann sé orthu. Leanann seordán an múchadh.

An té a mbíonn asma air bíonn a anáil dá bhaint de uaireanta.

 
leitheadúlacht asma i SAM, 2011

EipidéimeolaíochtCuir in Eagar

 
Eipidéimeolaíochtː tá ag méadú ar líon na gcásanna in Éirinn
 
1910

Ní raibh asma forleathan i 1900 (bhí an eitinn ann). Ach sa bhliain 2004, bhí an galar ag timpeall 150 milliún duine ar fud an domhain, agus faigheann timpeall 180,000 duine bás dá bharr sa domhan gach bliain.

I Meiriceá tá sé ag 7.3% den phobal faoi 18 mbliain d'aois, agus 4.9% den phobal os a chionn sin. I 1980-1995 d'éirigh na céatadáin sin 3.8% is 2.6% faoi seach. Tá sé ag scaipeadh ina eipidéim, go mór mór i dtíortha forbartha an iarthair. Is mó an seans go mbeidh an plúchadh ag páiste bheirt tuismitheoirí a bhfuil an galar acu, ach ní leor é sin chun an méadú ar tharlú an ghalair a mhíniú.

CúiseannaCuir in Eagar

 
National Asthma Education Program [1991]

Tá éagsúlacht sa chineál asma a bhíonn ar dhaoineː

  • Galar ailléirgeach timpeall 50% de na cásanna den ghalar seo, go mór mór maidir le páistí.
  • Galar neamhailléirgeach a tharlaíonn do dhaoine fásta go príomha, go minic mar thoradh ar shlaghdán trom. Giorra anála a bhuaileann duine, a fhéadfaidh leanúint ar feadh laethanta, fiú míonna.

Meastar go bhfuil baint éigin leis ag an gcaoi a bhfanann páistí istigh sa teach níos mó, agus a nochtar iad an iomarca d'ailléirginí an teaghlaigh: fíneoga an deannaigh, sail chnis an chait is eile. Tá truailleáin san aer a chuireann tús leis freisin. I ndaoine fásta, spreagann ionfhabhtuithe taomanna asma go minic.

Cóir leighisCuir in Eagar

Is deacair an gearán céanna a leigheas ar fad, ach is gnáthach go bhfaigheann daoine a saol leis. Ní gearán marfach é de ghnáth. Léiríonn an taighde go bhfuil an líon daoine a bhásaíonn mar gheall ar asma ag dul i méid.[2]

Bíodh is gur casta an galar é agus cúiseanna éagsúla leis, tugann córacha leighis atá bunaithe ar stéaróidigh a ionanálaítear an-fhaoiseamh. Ach ní mór an chóir leighis chomh maith leis an ngléas ionanálaithe a bheith ag duine nuair a bhíonn gá leo.

Déanann aclaíocht agus gníomhaíocht choirp maitheas do gach duine, leanaí nó daoine fásta a bhfuil asma orthu.

Sláinte poiblíCuir in Eagar

Ceiliúrtar Lá Domhanda Feasachta ar Asma ar an chéad Máirt de mhí na Bealtaine.[3]

Plúchadh in ÉirinnCuir in Eagar

Tá ag méadú ar líon na gcásanna in Éirinn le déanaí. Áirítear go raibh 470,000 duine ag fulaingt le hasma in Éirinn sa bhliain 2018.[2] I mBaile Átha Cliath, meastar go mbíonn gnéithe éigin den ghalar seo ag níos mó ná 20% de pháistí d'aois 13-14.

De ghnáth is féidir le daoine óga an t-asma a rialú go héifeachtach trí na rudaí aitheanta a spreagann tús leis an riocht a sheachaint agus tríd an leigheas oiriúnach a thógáil agus an teicníc cheart in úsáid. Ach léiríonn staidéar sa bhliain 2019, a bhí foilsithe ag Cumann Asma na hÉireann, nach raibh aon smacht ag formhór na ndaoine a bhfuil an plúchadh ag dul dóibh ar an tinneas. Tá an Cumann ag iarraidh go leanfadh gach duine a bhfuil asma ag dul dóibh na treoracha atá eisithe le dul i ngleic le taomanna plúchta.[2]

"Beating Breathlessness"Cuir in Eagar

Is clár tacaíochta féinbhainistíochta sé seachtaine é Beating Breathlessness a sheachadtar trí théacs chomh maith le seirbhís teachtaireachtaí meandracha pearsantaithe faoi stiúir altra a sheachadtar tríd an ardán WhatsApp.[4] Cuideoidh Beating Breathlessness le daoine a riocht a thuiscint agus a bhainistiú níos fearr.

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar