Frithghníomh imdhíonach de bharr tadhall le hábhair choimhthíocha áirithe, neamhurchóideach de ghnáth, nach spreagann aon fhreagairt i ndaoine normálta é Ailléirge.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAilléirge
cuir in eagar
Cineálimmunoglobulin mediated immune response (en) Aistrigh, hipiríogaireacht agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisimdhíoneolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
omalizumab (en) Aistrigh, prednisolone (en) Aistrigh, acrivastine (en) Aistrigh, loratadine (en) Aistrigh, dexamethasone (en) Aistrigh, astemizole (en) Aistrigh, prednisone (en) Aistrigh, triamcinolone (en) Aistrigh, methylprednisolone (en) Aistrigh agus chloropyramine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachIL2, EPS15, DNAH5 agus ABL2 Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisailléirgin Cuir in eagar ar Wikidata
Éifeachtsrón fhliuch agus frithghníomhú ailléirgeach Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10T78.4 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9995.3 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPA92 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0076880 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB33481 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000812 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine136217 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC1690571 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ailléirginí na hábhair seo. I ndaoine íogaire, imoibríonn siad seo le hantasubstaintí a tháirgtear taobh istigh den cholainn ag cealla sa chóras imdhíonach.

Fuasclaíonn an t-imoibriú idir an ailléirgin is na hantasubstaintí ábhair a dhéanann dochar do chealla is fíocháin na colainne, ina measc hiostaimín, hiodrocsaitrioptaimín is braidicinín.

Tá an-chuid ábhar sa nádúr — pailin, mar shampla — a fheidhmíonn nó a fhéadfaidh feidhmiú mar ghreannaitheoirí nó ailléirginí agus raon leathan galar a spreagadh, plúchadh is deirmitíteas ina measc.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailléirge". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 19.