Deirmitíteas
An neamhord craicinn is coitianta a bhaineann le freagairt imdhíonach an chraicinn. Tugtar eachma air freisin. Is féidir go spreagfaidh greannaitheoir ceimiceach nó fisiciúil é (glantaigh nó strapa uaireadóra, mar shampla), bia, nó druga. Tagann iarmhairt dhúchasach i gceist freisin, agus bíonn stair an deirmitítis i gclanna uaireanta (chomh maith le neamhoird ailléirgeacha eile, cosúil le fiabhras léana is plúchadh). Is í an bhunfhreagairt ná méadú san imshruthú fola sa chraiceann áitiúil, rud a dheargann an craiceann ansin. Ina dhiaidh sin fásann coilg, agus nuair a bhriseann siad seo éiríonn an craiceann silteach. Nuair a dheisíonn an craiceann, fásann ceiritin breise is tiubhaíonn cisil sheachtracha an chraicinn, agus is féidir go n-éireoidh sé sin ainsealach.[1]
Cineál | galar craicinn, skin and integumentary tissue symptom (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | family medicine (en) |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais amcinonide (en) , Aigéad lachtach, alclometasone (en) , betamethasone (en) , DL-methionine (en) , aigéad bórach, clobetasol (en) , gliocról, crisaborole (en) , doxycycline (en) , heliomycin (en) , zinc oxide (en) agus thiostrepton (en) | |
Aicmiú | |
ICD-10 | L30.9 |
ICD-9 | 692.9 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0096633 |
OMIM | 603165 |
MedlinePlus | 000853 |
MeSH | D003872 |
UMLS CUI | C0011603 agus C3875321 |
DOID | DOID:2723 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Deirmitíteas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 206.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |