Próitéiní a chruthaítear sa cholainn is ea antasubstaintí. Táltar sa bhfuil iad mar fhreagairt ar phróitéin choimhthíoch (antaigin) chun í a chealú nó imdhíonadh a sholáthar ina coinne. Glacann siad príomhpháirt sa chóras imdhíonach i gcosaint na colainne i gcoinne an-chuid miocrorgánach (baictéir, víris, seadáin) a chuireann tús le galair. Bíonn siad i láthair sa chodán gámaghlóbailine de shéiream na fola, agus tugtar imdhíonaglóbailiní orthu freisin. Is iad B-limficítí a chruthaíonn antasubstaintí, le cabhair ó T-limficítí cuiditheora is sochtóra. An chéad uair a nochtar an cholainn don antaigin, tarlaíonn an fhreagairt imdhíonach le hantasubstaintí a chruthú a dhíríonn ar an antaigin sin a scrios. Taistealaíonn na hantasubstaintí le himshruthú na fola den chuid is mó, agus mar a bheadh diúracáin dhírithe iontu, seachnaíonn siad cealla sláintiúla, ach déanann ar an antaigin, baictéir nó víris chun dul in iomaíocht leo is iad a chur ar ceal. Is féidir leis an gcóras imdhíonach níos mó ná milliún antasubstaint éagsúil a chruthú. Má tharlaíonn nochtadh eile don antaigin chéanna ina dhiaidh sin, tarlaíonn freagairt níos tapa cuimsithí ná an chéad cheann: bíonn an cholainn ullmhaithe is faoi imdhíonacht. An-chuid taighde déanta ar antasubstaintí monaclónacha, a dhéantar taobh amuigh den cholainn, mar shampla in ullmhuithe de chealla ar leith nó ainmhithe beaga, a instealltar san imshruthú ansin. Tá taighde ar siúl freisin ag dearadh na móilíní gabhlógacha seo le ríomhairí agus á dtógáil ar bhealach a dtugtar innealtóireacht mhóilíneach air.[1]

Antaiginí (thuas) agus antasubstaintí (thíos)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Antashubstaintí (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 42.