Ferrol
Ferrol | |
![]() | |
---|---|
Rialtas | |
Tír | An Spáinn |
Comhphobal féinrialaitheach | An Ghailís |
Méara | Jorge Suárez |
Déimeagrafaic | |
Achar | 81.9 km² |
Daonra | 67,569 |
Dlús daonra | 817.53/km² |
http://www.ferrol.gal/ |
Is cathair í Ferrol sa Ghailís in iarthuaisceart na Spáinne. Tá thart ar 67,500 daoine ina gcónaí ann ach nuair a thógtar Eume ó dheas agus Ortegal ó thuaidh déantar an ceirtleán uirbeach Ferrolterra an tríu cheann is mó sa Ghailís le níos mó ná 203,400 daoine.
Lárionad longcheártaíochta ba ea Ferrol i gcónaí. Tá an comhlacht longcheártaíochta Navantia lonnaithe sa chathair.
Rugadh Francisco Franco, deachtóir míleata na Spáinne, ann sa bhliain 1892. Sna blianta 1938-1982, thugtaí El Ferrol del Caudillo nó Ferrol an Cheannasaí ar an áit go hoifigiúil.
Duine clúiteach eile ó Ferrol ab ea an scríbhneoir mór úrscéalta Gonzalo Torrente Ballester.