Gonzalo Torrente Ballester

Duine de scríbhneoirí móra Spáinneacha na fichiú haoise ab ea Gonzalo Torrente Ballester (13 Meitheamh 1910 - 27 Eanáir 1999). Tháinig sé chun saoil i Serantes in aice le Ferrol, áit ar rugadh Francisco Franco féin. B'ansin a fuair sé a chuid bunoideachais, ach ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ar na hollscoileanna i Santiago de Compostela agus Oviedo.

Infotaula de personaGonzalo Torrente Ballester

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Meitheamh 1910
Serantes, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Eanáir 1999
88 bliana d'aois
Salamanca, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Oviedo
Ollscoil Santiago de Compostela Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, léirmheastóir liteartha, aistritheoir, drámadóir, scríbhneoir scripte, iriseoir, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Nua-Eabhrac, Albany Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraCóiriú drámaí
TeangachaAn Spáinnis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteGonzalo Torrente Malvido, Álvaro Torrente, Luis Felipe Torrente Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0868485 Find a Grave: 10912499 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéalaí a bhí ann go bunúsach, ach thairis sin, d'fhoilsigh sé roinnt mhaith aistí agus drámaí. Scríobhadh sé ar na hirisí agus ar na nuachtáin freisin.

Sa bhliain 1929, shocraigh sé síos i Maidrid agus thosaigh sé ag déanamh staidéir ar fhealsúnacht agus ar litríocht. Bhí sé mór leis an drámadóir cáiliúil Ramón del Valle-Inclán. Chaith sé seal ag obair do nuachtán ainrialach, ach nuair a tháinig deireadh leis an nuachtán, d'fhill sé ar Ferrol.

Chuaigh sé le staidéar arís, agus nuair a phléasc Cogadh Cathartha na Spáinne amach, bhí sé díreach i bPáras lena shaothar dochtúireachta a chosaint. Nuair a d'fhill sé abhaile, bhí an tír ina cosair cró ag an gcogadh, agus cuid mhór de chairde Gonzalo maraithe ag lucht leanúna Franco. Chuaigh Gonzalo féin i bpáirtí Franco le nach bhféadfaí é féin a chur chun báis, ansin.

D'fhoilsigh sé an chéad úrscéal, Javier Mariño, sa bhliain 1943. Ina dhiaidh sin, lean sé leis ag scríobh úrscéalta beagnach go lá a bháis. Cé go raibh sé ina bhall de pháirtí Franco, ní raibh a chroí in idé-eolaíocht an pháirtí riamh, agus de réir mar a mhúscail a mhisneach arís, thosaigh sé ag craobhscaoileadh idéanna liobrálacha. Sa bhliain 1962, thug sé tacaíocht don lucht oibre a bhí ar stailc i bpoill mhianaigh Asturias. Sa bhliain 1966, d'imigh sé go Nua-Eabhrac le bheith ina ollamh in Ollscoil Albany.

D'fhill sé go dtí an Spáinn sa bhliain 1970, agus sa bhliain 1975, chuir sé faoi i Salamanca, áit ar fhan sé a raibh fágtha dá shaol. Bhí sé ina scríbhneoir mór le rá san am seo, agus bronnadh ballraíocht Acadamh Ríoga na Spáinne air, maille lena lán duaiseanna liteartha, ina measc Duais Cervantes sa bhliain 1985.

Dealbh bhrád den scríbhneoir, ina áit breithe Ferrol

I ndiaidh a bháis, bunaíodh Fondúireacht Gonzalo Torrente Ballester lena chuid saothar a chosaint agus a thaighde agus le súil na léitheoirí a tharraingt air.

A Shaothar

cuir in eagar

Úrscéalta

cuir in eagar
  • Javier Mariño (1943)
  • El golpe de estado de Guadalupe Limón (1946)
  • Ifigenia (1949)
  • Ifigenia (1950)
  • An tríológ Los gozos y las sombras, is é sin, na húrscéalta El señor llega (1957; thabhaigh an ceann seo Duais Úrscéalaíochta Fhondúireacht Juan March don údar), Donde da la vuelta el aire (1960) agus La Pascua triste (1962).
  • Don Juan (1963)
  • Off-side (1968)
  •  
    La saga/fuga de J. B. (1972). Thabhaigh an ceann seo Duais Chathair Barcelona agus Duais na Léirmheastóirí Spáinneacha do Torrente Ballester sa bhliain 1972.
  • Fragmentos de Apocalipsis (1977), Duais na Léirmheastóirí 1977.
  • La Isla de los Jacintos Cortados (1980), Duais Náisiúnta Litríochta na Spáinne.
  • Dafne y ensueños (1982)
  • Quizá nos lleve el viento al infinito (1984)
  • La Princesa Durmiente va a la escuela (1985):
  • La rosa de los vientos (1985)
  • Yo no soy yo, evidentemente (1987)
  • Filomeno, a mi pesar (Duais Planeta 1988)
  • Crónica del rey pasmado (1989)
  • Las islas extraordinarias (1991)
  • La muerte del decano (1992)
  •  
    Cafe Novelty, Salamanca
    La novela de Pepe Ansúrez (1994), Duais Chuimhneacháin Azorín.
  • La boda de Chon Recalde (1995)
  • Los años indecisos (1997)
  • Doménica (1999).
  • El viaje del joven Tobías (1938)
  • El casamiento engañoso (1939)
  • República Barataria (1942)
  • El retorno de Ulises (1946) agus
  • Atardecer de Longwood (1950).