Fiachra Breathnach

imreoir peil Ghaelach

Is peileadóir é Fiachra Breathnach, a rugadh ar 21 Samhain 1986. As Conamara i gContae na Gaillimhe dó. Tosaí atá ann. Imríonn sé leis an gcumann peile áitiúil (CLG Naomh Anna, Leitir Móir) I 2009 bhain Naomh Anna craobh idirmheánach an chontae agus craobh idirmheánach Chúige Chonnacht. Fuair Baile an Chócaigh as Contae Thír Eoghain an lámh in uachtar orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann, 2-11 i gcoinne 1-10. Imríonn sé le foireann an chontae freisin. Bhí sé ina bhall den fhoireann a bhain Craobh Faoi-21 na hÉireann sa bhliain 2005.

Infotaula de personaFiachra Breathnach
Beathaisnéis
Breith21 Samhain 1986
37 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata