Fionán Mac Cártha

file Éireannach

File agus múinteoir ba ea Fionán Mac Cártha (1886–1953). Chaith sé na blianta fada san Astráil, tréimhse a spreag é chun Amhráin ó Dheireadh an Domhain a scríobh, agus san Astráil a fuair sé bás.

Infotaula de personaFionán Mac Cártha
Beathaisnéis
Breith31 Eanáir 1886
Bás5 Lúnasa 1953
67 bliana d'aois
Áit adhlacthaDalby (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh é mar William Carty do Michael Carty, feirmeoir, agus dá bhean Maria Taylor, láimh le Bealach an Doirín i gContae Ros Comáin. Ba eisean an dara duine clainne. Bhí triúr deifiúracha aige agus beirt deartháireacha, agus is léir ó dhaonáirimh 1901 agus 1911 go raibh Gaeilge ag an athair agus ag cuid den chlann.

Fuair Fionán scolaíocht i gColáiste Naithí agus fuair oiliúint mar mhúinteoir i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ag múineadh san Ómaigh i 1913 agus i Sasana (in Sheffield agus i Londain) faoi 1917.

Ba bhreá leis litríocht an Bhéarla, ach bhí athbheochan na Gaeilge ar siúl agus é ar scoil, agus chuir sé roimhe an teanga sin a fhoghlaim, rud a rinne sé go seoigh. Théadh sé amach ag caint le seandaoine an cheantair. Sula ndeachaigh sé ag obair mar mhúinteoir gairmiúil bhí sé ina mhúinteoir taistil ag Conradh na Gaeilge. Scríobh sé dán in 1906 ag fáiltiú roimh Dhubhghlas de hÍde, a bhí tar éis na Stáit a shiúl ag bailiú airgid ar son Chonradh na Gaeilge. Bhain sé a bhuaic amach mar fhile phoiblí nuair a chum sé Óid an Oireachtais in 1907.

Is dócha gur in 1918 a bhain sé Queensland amach. In 1924 phós sé Margaret O’Reilly, múinteoir Astrálach arbh as Contae an Chabháin dá muintir. Idir 1924 agus 1932 bhí sé ag múineadh in Charleville, Goondawindi agus Dalby. Ag múineadh in Amby a bhí sé nuair a chuaigh sé i gceann Amhráin ó Dheireadh an Domhain. Bhí an tsláinte go dona aige ó 1949 amach agus fuair sé bás ar an 5 Lúnasa 1953.

In 1953 a d’fhoilsigh an Gúm a chnuasach. Rinne Máire Mhac an tSaoi léirmheas air ar Feasta, Meán Fómhair 1954. Mhol sí an ‘raidhse Gaeilge’ a bhí ann, ach dúirt sí nár fhág na blianta a chaith an file san Astráil aon rian ar a shaothar. Ba é seo a breith ar na dánta: ‘Tá siad ceolmhar, aerach, gleoite agus seasc’.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  • Ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge
  • Gregory Byrnes, “’In Exile from Home’: The Poems of Fionán Mac Cártha, 1886–1953,” Éire- Ireland, Irish-American Cultural Institute, Volume 30, Number 2, Samhradh / Summer 1995: lgh 118-130.
  1. Luaite in Ainm.ie: Mac Cártha, Fionán (1886–1953): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=439.