Sa Rúraíocht, b'iníon í Fionnabhair (Sean-Ghaeilge Findabair, Finnabair) d'Ailill agus do Mhéabh, rí agus banríon Connacht.[1] I ndeireadh na dála, ba chúis báis de chéadta fear iad a háilleacht agus a mealltacht.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFionnabhair
Cineálcarachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
MáthairMéabh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAilill mac Máta Cuir in eagar ar Wikidata

Cé nach bhfuil ardmheas inti mar phríomhphearsa sna seanscéalta, bhí gnó géibheannach ag Finnabair san eipic Táin Bó Cuailgne. I rith an chogaidh, tairgeadh a lámh mar cheiliúr pósta do laoch i ndiaidh laoich, mar chúiteamh ar dhul i gcomhrac aonair le Cú Chulainn. Chuir sise agus a máthair iallach ar Fherdia troid leis, a deartháir altrama agus a dhlúthchara grá geal. Maraíodh é i mbun troda, leis an nGáe Bulg Chú Chulainn.

Sanasaíocht cuir in eagar

Is í brí a hainm ná "síofra fhionn", agus tá an focal gaolmhar le Gwenhwyfar na Breatnaise.[2][3][4]

Táin Bó Cúailnge cuir in eagar

Mharaigh Cú Chulainn fear céile Fhionnabhar, Fraoch[5]. I ndiaidh sin, thairg Méabh a hiníon ó ghaiscíoch go gaiscíoch, ina measc Nad Crantail agus Láríne Mac Nóis, chun iad a mhealladh dul i gcomhrac aonair go laethúil le Cú Chulainn. Thairg sí Fionnabhair go Cú Chulainn agus gaiscíoch ar bith eile ar fáil. Thóg abhlóir gléasta mar rí chuige í, ní Ailill féin. Agus é seo aitheanta aige, mharaigh Cú Chulainn an t-abhlóir agus gallán curtha tríd; chuir sé gallán eile trí ionar Fhionnabhar. Tá dhá ghallán ann fós,[6] Gallán an Abhlóra agus Gallán Fhionnabhar.[7]

I ndiaidh sin, tairgeadh Fionnabhair go Ferdia; dúradh leis gurbh eisean "a haonmhuirnín, a rogha mar leannán d'fhir an domhain."[8] Chaoinigh Cú Chulainn Ferdia le dánta:

“And Medb’s daughter Finnabair,
that beautiful bait you hoped
would be yours? You might as well 
try to tie sand with a rope.”[9]

Ba é Rochad Mac Faithemain a díol grá deireanach agus fíor-go-leor. Chuaigh sé i leith na nUladh roimh an mórchath deireanach. Chun a chur ina luí air gan troid in aghaidh Connacht agus sos cogaidh a thabhairt i gcrích, mheall Méabh Rochad le dáimh a hiníne, agus chaith Fionnabhair oíche leis. Nuair a chuala seacht rí na Mumhan an scéala seo (ar a tairgeadh chomh maith Fionnabhair dóibh dá ngéillsine), rinne siad a gcasaoid ar mhic Ailille, ach tharla cath i ndiaidh agus maraíodh 700 fear. Arna thuiscint di gurbh faoi bhois í agus gur maraíodh an iomad sin ar a son, thit Fionnabhair maol marbh le náire; de bharr sin a leasainm "Fionnabhair Sléibhe".[10]

Táin Bó Fraoigh cuir in eagar

Príomhalt: Táin Bó Fraoigh

Bhí Fionnabhair i ngrá le Fraoch ach ní íocfadh sé a coibhche. Shocraigh sé í a glacadh agus é breabtha ag Méabh mar chúiteamh dá chabhair cogaidh i gcoinne na nUladh sa Táin Bó Cuailnge.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Matson, Gienna: Celtic Mythology A to Z, lch. 2. Chelsea House, 2004. ISBN 978-1-60413-413-1
  2. Koch, John, "Celtic Culture: A Historical Encyclopedia", ABC-CLIO, 2006, lch. 681.
  3. Bromwich, Rachel, Trioedd Ynys Prydein, University of Wales Press; 3ú heagrán, 2006, lch. 376.
  4. Watkins, Calvert. “Varia I.” Ériu, vol. 27, 1976, ll. 116–122.
  5. insítear a scéal sa Táin Bó Fraoigh
  6. cá háit?
  7. Ciarán Carson. "The Táin" New York, Penguin Group (VIKING), 2007, lch. 100.
  8. Carson, 2007, lch. 123.
  9. Carson, 2007, lch. 155.
  10. Carson, 2007, p. 174.