Tom beag dosach síorghlas, dúchasach don Eoraip thuaidh is thiar is ea fraoch.[1] Na duilleoga i bpéirí 1-2 mm ar fhad, cosúil le lanna le maotháin bhunacha ag gobadh ar cúl. Na bláthanna bídeach i spící scaoilte, 4 sheipeal, 4 pheiteal, iad uile corcra. An planda ceannasach ar ithreacha aigéadacha, fraochmhánna is riasca go minic. Is minic a fhásann fraoch in éineacht le fraochán.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFraoch
Calluna vulgaris Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Gnáthógfraochmhá, portach, dumhach, smell of burning (en) Aistrigh agus pine forest (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdEricales
FineEricaceae
GéineasCalluna
SpeiceasCalluna vulgaris Cuir in eagar ar Wikidata
Hull
Ainmníocht
BasainmErica vulgaris Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an fraoch mór in úsáid le fada an lá sa daonleigheas. Is antaiseipteán maith fuail é agus fualbhrostach éifeachtach atá ann. Sa leigheas traidisiúnta, déantar ceirín te leis chun fuachtáin a chóireáil. Is féidir insileadh de na buinneoga faoi bhláth a úsáid le cásacht, slaghdán, agus anoird duáin agus lamhnáin a chóireáil. As siocair gur planda glantacháin agus dithocsainithe atá ann, is féidir é a úsáid leis na scoilteacha, le hairtríteas agus le heasuan a chóireáil. Baintear úsáid as na craobhacha ar dhóigheanna éagsúla, mar shampla mar insliú, sa tuíodóireacht, sa chaoladóireacht, agus i ndéanamh rópaí agus scuab. Faightear ruaim bhuí ón bplanda agus tá an choirt mar fhoinse tainnine.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Calluna vulgaris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fraoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 286.