Fiosrúchán COVID-19 na Ríochta Aontaithe
Rinneadh fiosrúchán poiblí maidir le bainistiú COVID-19 sa Ríocht Aontaithe le linn 2020-2021, nó Fiosrúchán COVID-19 na Ríochta Aontaithe. Thosaigh na héisteachtaí poiblí i mí an Mheithimh 2023.
Cineál | fiosrúchán poiblí |
---|---|
Bailíocht | 28 Meitheamh 2022 - |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Suíomh gréasáin | covid19.public-inquiry.uk |
I mí na Nollag 2023, d'fhógair Boris Johnson go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar is gá. Ach d'admhaigh sé go mb’fhéidir gur bhrúigh an rialtas ródhian chun daoine a spreagadh ar ais chuig an oifig tar éis na dianghlasála.[1]
Dhiúltaigh Johnson d’éilimh go raibh fadhb ag baint leis an gcultúr ag Downing Street, agus dheimhnigh sé go raibh fadhbanna ann ó am go chéile ach nach raibh aon olc ann. Dúirt sé nach féidir leis a mhíniú cén fáth a ndeachaigh roinnt teachtaireachtaí WhatsApp ar iarraidh óna sheanfhón, ach deir sé nár scrios seisean iad. Tháinig gártha magaidh ón lucht agóide agus Johnson ag fágáil an fhiosrúcháin.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge. Londain (9 Nollaig 2023). "Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-10.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |