Foireann drumaí
Cnaguirlis é foireann drumaí, atá comhdhéanta de dhrumaí, ciombail agus uaireanta cnaguirlisí eile (mar shampla clog bó, bloc adhmaid, clingíní, tambóirín, gangdhruma agus araile), atá eagraithe in aice le chéile do dhrumadóir amháin ina aonar. Buailtear iad le bata druma, nó scuaba agus mailléid chomh maith. I gcás an dord-druma agus an ard-hata, buailtear iad le troitheáin.
Cineál | cnaguirlis agus sets of double-skin cylindrical drums with single playing heads (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 211.212.21 |
Gairm ealaíonta | drumadóir |
Is féidir na drumaí agus na ciombail éagsúla a chur le chéile in aon fhormáid, agus breathnaíonn sé ar an saghas ceoil atá i gceist. Mar shampla, i rac-cheol is iad an sreangdhruma agus an dord-druma a úsáidtear chun an buille a chruthú, ach i snagcheol cuirtear an bhéim ar an ard-hata agus an ciombal creatháin.
Comhbhaill coitianta
cuir in eagar- ciombail: ciombal creatháin, ciombal plimpe, ciombal crochta, ciombal ard-hata (nó ciombal troitheáin)
- dord-druma (nó druma mór)
- tam urláir
- tam tam
- sreangdhruma
Trealamh eile
cuir in eagarGléas eile a úsáidtear uaireanta ná méadranóm, meaisín a chruthaíonn fuaim ar gach buille. Leis an méadranóm, bíonn an drumadóir in ann an buille a choimeád i gceart. Ceapann drumadóirí eile go bhfuil an méadranóm ró-chruinn, agus dá thoradh sin beagáinín mí-nádúrtha.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |