Francesco Petrarca
Ba scríbhneoir, fhile agus dhaonnachaí de chuid na hIodáile é Francesco Petrarca, a rugadh in Arezzo ar an 20ú Iúil sa bhliain 1304, agus a d'éag in Arqua ar an 18ú nó ar an 19 Iúil 1374.
Francesco Petrarca | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Arezzo, 19 Iúil 1304, 20 Iúil 1304 |
Bás | Arquà Petrarca, 18 Iúil 1374, Iúil 1374, 19 Iúil 1374 |
Áit adhlactha | Arquà Petrarca Q55086272 ![]() |
Muintir | |
Athair | Petracco |
Máthair | Eietta Canigiani |
Céile/Céilí | luach ar iarraidh |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Montpellier (1316 - 1320) : dlí Ollscoil Bhologna (1320 - 1323) |
Teangacha | An Iodáilis An Laidin |
Múinteoirí | Pietro Cerniti (en) ![]() Jacobus de Belviso (en) ![]() Barlaam of Seminara (en) ![]() Giovanni d'Andrea (en) ![]() |
Mic léinn | Giovanni Malpaghini |
Gairm | |
Gairm | fealsamh, file, aistritheoir, liriceoir, scríbhneoir, sléibhteoir, dírbheathaisnéisí, focleolaí agus humanist (en) ![]() |
Saothar iomráiteach | Canzoniere |
Duaiseanna | Poet's Crown (1341) |
Gluaiseacht ealaíne | filíocht |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Discogs ID | 504673 |
Go háirithe, scríobh Petrarch a lán filíochta in Iodáilis. Roimhe seo, ní raibh daoine ag scríobh in Iodáilis; b’éigean dóibh scríobh i Laidin. Scríobh sé a lán soinéad (dán le 14 líne).[1]
SaolCuir in Eagar
Díbríodh athar Phetrarca agus a theaghlach, Franceso óg ina measc, as Flóiréans de bharr a thacaíocht don Phápa. Chuir an teaghlach fúthu in Avignon. Rinne Petrarca staidéar ar an dlí in Ollscoil Mhontpellier agus Ollscoil Bhologna.
D'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé isteach san Eaglais agus lean sé Naomh Aibhistín. Rinne sé dianstaidéar ar an tSibhialtacht Chlasaiceach agus bhí sé tugtha d'athchruthú an tSean-Domhain. De réir dealramh, is i Laidin den chuid is mó a chum sé a chuid saothar.
Deirtear gurbh eisean athar na filíochta san Iodáilis mar gheall ar na hiliomad dánta grá a chum sé in Iodáilis faoi bhean den ainm Laura. Deirtear gur chas sé uirthi ar Aoine an Chéasta, 6 Aibreán 1327. Bean pósta ab ea í agus thug Petrarca gean agus ómós di gan bualadh léi riamh ina dhiaidh sin.
Ghlaoitear "Canzoniere" ar an gcnuasach de 366 dánta, soinéid an chuid is mó díobh, agus ceaptar gur as an mbailiúchán seo a d'eascair filíocht liriciúil na Meánaoise.
TioncharCuir in Eagar
Rinneadh aithris ar Petrarca i gcuid mhaith de thíortha na hEorpa, go háirithe sa séú haois déag. Feicfear samplaí maithe Fraincise in Ó Doibhlin (1994).[2] Tugadh an soinéad isteach sa Bhéarla timpeall ar 1530, go mórmhór trí fhilíocht Sir Thomas Wyatt (c.1502–1542) agus Henry Howard, Iarla Surrey (1517–1547). Is é an rud is suntasaí faoi shoinéad an Bhéarla nár glacadh leis an chruth ríme a bhí ag Petrarca agus ag na Francaigh, ochtréad agus seisréad.[3]
In ÉirínnCuir in Eagar
Bhí tionchar ag Petrach ar an litríocht in Éirínn. Mar shampla, déantar cur síos nósmhar i luathshaothar Uí Chonaire ar cholainn na mná ag tarraingt airde go sonrach ar a cuid gruaige, a súile, a béal agus a beola, a grua agus a muineál. Leanann an moladh seo ar bhaill airithe de cholainn na mban traidisiún an ‘blazon’ a theann siar chomh fada le Petrarch.[4]
D’fhorbair Petrarca, an té is mó a d’aclaigh traidisiún liteartha an tsóláis le linn an Renaissance, feidhm theiripeach na reitrice agus chothaigh nasc idir an líofacht agus an tsláinte intinne.[5][6] Bheadh sé seo ag teacht go beacht le traidisiún dúchais na Gaeilge mar a raibh feidhm dhúbailte ag an amhrán chun tocht a léiriú agus a shrianadh in éineacht.[7]
SaotharCuir in Eagar
- Canzoniere
- Secretum
- De Viris Illustribus
- Rerum Memorandarum Libri
- De Otio Religiosorum
- De Vita Solitaria
- De Remediis Utriusque Fortunae
- Itinerarium
- Carmen Bucolicum
- Africa
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ COGG. "Ó Chlochaois go Spásrás". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Léirmheastóir - Mícheál Ó Cróinín (2020-05-30). "Ón Fhraincis, Aistriúcháin, leathanaigh 36–44, 48–58" (ga). Aistriú Litríochta. Dáta rochtana: 2020-07-18.
- ↑ Clann Tuirc clanntuirc.co.uk. "Trí Rainn agus Amhrán: Réamhrá". www.clanntuirc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-07-18.
- ↑ Ní Chualáin, Aingeal (2013). "Siocracha Peaca Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i Saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ Mícheál Mac Craith (2018-11-30). "The Pearl of the Kingdom: A study of a A fhir léghtha an leabhráin bhig by Giolla Brighde Ó hEódhasa" (as ga). COMHARTaighde (4). doi: . ISSN 2009-8626.
- ↑ Ailbhe Ó Corráin (2015). "Léirmheas: The light of the universe: poems of friendship and consolation by Giolla Brighde Ó hEódhasa. Studia Hibernica 41, lch 213-215". online.liverpooluniversitypress.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-10. Dáta rochtana: 2020-07-18.
- ↑ Breandán Ó Madagáin (1985). "Functions of Irish Song in the Nineteenth Century" lch 144–151.