Francis Bacon

fealsamh agus státaire Sasanach (1561–1626)

Fealsamh, dlíodóir agus polaiteoir Sasanach ab ea Sir Francis Bacon, an chéad bhíocunta St Alban (22 Eanáir 15619 Aibreán 1626).

Infotaula de personaFrancis Bacon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Eanáir 1561
Teach Eabhrac, Strand Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Aibreán 1626 (Iúlach)
65 bliana d'aois
Highgate Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaSt Michael's Church, St Albans (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ard-Seansailéir
1617 – 1621
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige
1613 – 1617
← Sir Henry Hobart, 1st Baronet (en) AistrighHenry Yelverton (en) Aistrigh →
Member of the 1601 Parliament (en) Aistrigh

Toghcheantar: Ipswich, St. Albans
Member of the 1604-11 Parliament (en) Aistrigh

Toghcheantar: Ipswich, St. Albans
Member of the 1597-98 Parliament (en) Aistrigh

Toghcheantar: Ipswich, Southampton
Ball de Pharlaimint 1593

Toghcheantar: Middlesex
Member of the 1589 Parliament (en) Aistrigh

Toghcheantar: Learpholl
Feisire de Pharlaimint 1586-87

Member of the 1614 Parliament (en) Aistrigh

Ball de Pharlaimint 1572-83

Toghcheantar: Bossiney
Ball de Pharlaimint 1584-85

Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge
Ollscoil Poitiers Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, eolaí, fealsamh, polaiteoir, eipistéimeolaíocht, Eimpíreachas, polaitíocht, eolaíocht agus stair
Gairmfealsamh, dlíodóir, astralaí, eolaí, polaiteoir, scríbhneoir, breitheamh, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1576 (Féilire Ghréagóra) –  1626
Ball de
Spéis aige/aici iFealsúnacht
GluaiseachtEimpíreachas
Mac/iníon léinn de chuidJohn Whitgift
TeangachaAn Laidin agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalBíocunta Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAlice Barnham (1606–1625) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNicholas Bacon  agus Anne Bacon
SiblínElizabeth Bacon, Anthony Bacon, Nathaniel Bacon, Edward Bacon, Nicholas Bacon, Céad Bhairnéad Redgrave agus Anne Bacon
Gradam a fuarthas
Síniú

iTunes: 955023212 Musicbrainz: 5262e68c-245b-44e1-9dde-22b1ab291f6a Discogs: 1713343 IMSLP: Category:Bacon,_Francis Find a Grave: 5971346 Cuir in eagar ar Wikidata
18 bliain d'aois
le John Vanderbank, 1731, bunaithe ar phicitiúr timpeall 1618

Saol cuir in eagar

I gColáiste na Tríonóide, Cambridge, Ollscoil Poitiers agus Ósta Gray a cuireadh oideachas air.

Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1582.

Toghadh chun Theach na dTeachtaí é sa bhliain 1581. Bhí sé ar thús cadhnaíochta i measc na bhfeisirí go dtí gur uaislíodh é sa bhliain 1618.[1] Mar sin féin, le linn d'Eilís bheith i réim, is beag a fuair sé de bharr na iarrachtaí a rinne sé bheith mór leis an mBanríon, cé gurbh é an chéad duine riamh ar tugadh "Abhcóide na Banríona" air agus ar tugadh paitinn tosaíochta dó, sa bhliain 1597.

Ag an am sin, bhí aithne air mar dhuine a mbíodh athchóiriú agus simpliú an dlí á moladh aige, in éineacht le saoirse sibhialta agus saoirse reiligiúin. Bhí sé i measc na gcéad daoine a mhol go n-aontófaí Sasana, Alban agus Éire agus go mbunófaí coilíneachtaí Sasanacha i Meiriceá Thuaidh.[1]

Chuaigh sé ar sochar dó tar éis do Shéamas I teacht i gcoróin. Bhí sé ina Ard-Aighne ó 1613 go 1618 agus ina Ard-Seansailéir ó 1618 go 1621.

 
1621ː Bacon i dTeach na dTeachtaí

Cuireadh as oifig é mar gheall ar líomhaintí éillithe, ar chuir a chéile comhraic fadtéarmach An Ridire Edward Coke tús leo. Bítear ag cur is ag cúiteamh fós faoi cad chuige ar admhaigh sé go raibh sé ciontach. Gearradh fíneáil £40,000 air agus cuireadh i dTúr Londan é ar chaoithiúlacht an rí. Cé gur ligeadh amach é tar éis cúpla lá, ní raibh seans ar bith aige oifig poiblí a bhaint amach arís.

Le linn an díomhaointis éigeantaigh seo, dhírigh Bacon isteach ar a chuid gníomhaíochtaí léannta.

Smaoineamh cuir in eagar

 
Bean Bacon, Alice Barnham[2]

Sa lá atá inniu ann, is mó atá aithne air mar gheall ar an méid a rinne sé ar son fhealsúnacht (agus cleachtadh) eolaíocht na linne seo, mar dhuine a mhol an sceipteachas, an bhreathnóireacht agus an réasúnaíocht ionduchtach mar an t-aon bhunús amháin leis an eolas eolaíochta.[1]

 
Dealbh Francis Bacon, Gray's Inn

Aistí an-dlútha a scríobh sé.[3] Thionscain sé modh ionduchtach na heolaíochta turgnamhaí don fhealsúnacht. Chríochnaigh sé dhá chuid dá iarracht chun eolas an duine a atheagrú,

  • Novum Organum (Orgán Nua, 1620), agus
  • De Augmentis Scientiarum (Ar Argóintí na nEolaíochtaí, 1623),

a thug spreagadh láidir don mhodh eolaíoch mionscrúdaithe a d'fhás ina dhiaidh sin.

Scríobh sé The New Atlantis (Atlantas Nua, 1627), cur síos ar útóipe a bhí bunaithe ar phrionsabail eolaíochta.

Síltear go forleathan go raibh tionchar mór ar an dlí coiteann — thar na céadta bliain ina dhiaidh sin, ar a laghad — ag na hiarrachtaí a rinne sé úsáid a bhaint as na modhanna céanna chun teacht ar na prionsabail agus na rialacha atá taobh thiar de.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Francis Bacon". Dáta rochtana: 2021.
  2. "Life of Alice Barnham". sirbacon.org. Dáta rochtana: 2021-04-10.
  3. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).