Francofonia (2015)
Sa scannán ilghnéitheach Francofonia (2015), tugtar léargas ar stair an Louvre ó aimsir na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann. Forghabháil na Naitsithe ar chathair Pháras i 1940 agus mar a tháinig seoda an Louvre slán atá mar chroílár an scannáin seo.[1]
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Alexander Sokurov |
Príomhcharachtair | |
Script | Alexander Sokurov |
Grianghrafadóireacht | Bruno Delbonnel |
Dáileoir | Vertigo Média |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ísiltír |
Céadléiriú | 2015 |
Fad ama | 90 min |
Bunteanga | an Fhraincis |
Dath | daite |
Cur síos | |
Seánra | scannán drámaíochta agus scannán faisnéiseach |
Suíomh scéalaíochta | an Fhrainc |
Scéal
cuir in eagarFeicimid Marianne, siombail Phoblacht na Fraince, agus Napoleon ina steillbheatha agus iad ag siúl na bpasáistí ag plé na saothar áille ealaíne atá i gcoimeád sa dánlann iomráiteach seo.[1]
Faoin am a tháinig an Cunta Franz Wolff-Metternich go dtí an iarsmalann, bhí an chuid is mó de na saothair ealaíne imithe agus curtha i dtaisce in áiteanna difriúla ar fud na tíre. Bhí sé de dhualgas airsean tuairisc na bpictiúr a chur agus cuntas a choinneáil ar an méid a bhí fágtha. Iarrann an Gearmánach borb, éilitheach comhoibriú iomlán ó stiúrthóir an mhúsaeim, Jacques Jaujard, fear stuama, cúirtéiseach, atá ar dhuine den bheagán státseirbhíseach atá fós fágtha i gcathair Pháras.[1]
Léiriú
cuir in eagarStiúir Alexander Sokurov an scannán sa bhliain 2015.
Bronnadh dhá ghradam ar an scannán seo ag Féile Scannán na Veinéise, 2015.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Super User. "Francofonia" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2021-07-18.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |