Friedrich Kekulé
Ceimiceoir orgánach ón Ghearmáin ab ea Friedrich August Kekulé von Stradonitz (7 Meán Fómhair 1829 – 13 Iúil 1896). Rinne sé amach struchtúr cioglach beinséine, agus obair bhunúsach eile ar theoiric na strúchtúr maidir le ceimic orgánach[1].
Rugadh i nDarmstadt sa Ghearmáin é. Bhí sé ina ollamh i nGent (1858–1865) agus i mBonn. Rinne sé taighde ar struchtúr na móilíní beinséine agus thuig sé roimh aon duine eile go raibh an bheinséin cuarchruthach (cosúil le fáinne).
Sa bhliain 1857 tháinig sé ar an tátal go raibh an carbón ceathairfhiúsach.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Matt Hussey, Fréamh an Eolais, lch. 384