File, drámadóir, aistritheoir, fealsamh is staraí ba ea Johann Christoph Friedrich von Schiller ([joːhan kristɔf friːdʁɪç fɔn ʃɪlɐ], 10 Samhain 1759 - 9 Bealtaine 1805). Rugadh é in Marbach am Necker (Württemberg, an Ghearmáin) agus fuair sé bás in Weimar (Sachsen-Weimar-Eisenach).

Infotaula de personaFriedrich Schiller

(1794) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Johann Christoph Friedrich von Schiller
Beathaisnéis
Breith(de) Johann Christoph Friedrich Schiller
10 Samhain 1759
Marbach am Neckar (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Bás9 Bealtaine 1805
45 bliana d'aois
Weimar (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Siocair bháisBás nádúrtha (Eitinn)
Áit adhlacthaJacobsfriedhof Weimar (en) Aistrigh
Weimarer Fürstengruft (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síKarlsschule Stuttgart (en) Aistrigh
Ollscoil Jena Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaJohann Wolfgang Döbereiner
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht, amharclannaíocht, fealsúnacht, stair agus litríocht
Gairmfile, aistritheoir, múinteoir ollscoile, iriseoir, dochtúir leighis, scríbhneoir, lia mileata, úrscéalaí, scríbhneoir leighis, fealsamh, drámadóir, staraí, leabharlannaí, aeistéiticeoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1789 –  1805
FostóirOllscoil Jena Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraBailéad agus dráma
GluaiseachtSturm und Drang (en) Aistrigh agus Weimar Classicism (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidBalthasar Haug
Faoi thionchar
TeangachaAn Fhraincis agus an Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileCharlotte von Lengefeld Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEmilie von Gleichen-Rußwurm, Karl von Schiller, Ernst von Schiller, Caroline Junot Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohann Kaspar Schiller  agus Elisabeth Dorothea Schiller
SiblínChristophine Reinwald
Duine muintearthaJohann Friedrich Schiller (col ceathar) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
16 Samhain 1802ennoblement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0771646 IBDB: 5694
iTunes: 81418348 Musicbrainz: 6eea5386-1d69-424c-851c-1236a72db3c2 Discogs: 1007099 IMSLP: Category:Schiller,_Friedrich Find a Grave: 1186 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí sé ar na drámadóirí Gearmánacha is mó agus is tábhachtaí.

Saol cuir in eagar

An Chéad Óige cuir in eagar

Bhí Friedrich Schiller ar an dara páiste ba shine dár rugadh do Johann Georg Schiller a bhí ina oifigeach airn, ina lia arim agus ina phríomhghairdíneoir cúirte i Marbach am Neckar agus dá bhean chéile Elisabetha Dorothea Schiller née Kodweiss. Tábhairneoir agus báicéir ab ea athair Elisabetha. Bhí Friedrich an-mhór lena dheirfiúr Christophine agus í dhá bhliain ní ba shine ná eisean; níor tháinig an chéad bhean den cheathrar deirfiúracha eile chun saoil ach sé bliana i ndiaidh Friedrich, agus fuair beirt acu siúd bás ina bpáistí dóibh. Nuair a fuair an t-athair post earcaitheora san arm, agus é ag freastal ar an obair nua seo i Schwäbisch Gmünd, bhog an teaghlach go dtí Lorch sa bhliain 1764. Nuair a saolaíodh dara deirfiúr Friedrich, Luise, níor mhair an teaghlach i bhfad i Schwåbisch Gmünd: shocraigh siad síos i Ludwigsburg. Sa bhliain chéanna thosaigh Friedrich ag staidéar Laidine sa scoil áitiúil. Ní raibh sé ach trí bliana déag d'aois nuair a bhreac sé síos an chéad dá iarracht drámaíochta a rinne sé: Absalon agus Die Christen ("Na Críostaithe"). Níl teacht ar aon cheann den dá théacs seo a thuilleadh.

D'ordaigh diúc Württemberg do Schiller óg dul ag staidéar sa scoil úd Karlsschule nó Scoil Chathail: bhí an scoil seo ag ullmhú fir óga chun dul sna hoifigigh airm. Níor thaitin athrú seo na scoile le tuismitheoirí Friedrich. Ar dtús dhírigh Schiller ar an dlí mar ábhar staidéir. Cuid den scolaíocht ab ea an druileáil mhíleata, rud nach raibh Schiller sásta leis: bhíodh seisean agus na daltaí eile ag léamh scríbhinní coiscthe faoi choim na hoíche.

Ar an 18ú lá de Mhí na Samhna 1775 bhog an tAcadamh Míleata ó chaisleán Solitude go lárchathair Stuttgart. D'éirigh Schiller as an dlí mar ábhar staidéir agus thosaigh sé ag foghlaim míochaine. Faoin am seo chuaigh filí an Sturm und Drang agus dánta Klopstock go mór i bhfeidhm air. Sa bhliain chéanna chríochnaigh sé an dráma úd Der Student von Nassau ("An Mac Léinn ó Nassau"), ach má chríochnaigh, chuaigh ceal sa lámhscríbhinn idir an dá linn, ionas nach féidir le lucht an taighde inniu a dhath a rá i dtaobh an dráma seo. An chéad dán leis a chuaigh i gcló riamh, ba é Der Abend ("An Tráthnóna") é, a foilsíodh sa bhliain 1776. Rinne Schiller staidéar ar shaothar Phlutarchos, Shakespeare, Voltaire, Rousseau agus Goethe, agus sa bhliain chéanna thosaigh sé ag scríobh dráma faoi cheist na saoirse, Die Räuber ("Na Robálaithe").

Saothair cuir in eagar

Drámaí cuir in eagar

  • Die Räuber (Na Robálaithe, 1781)
  • Kabale und Liebe (Caimiléireacht agus Grá, 1784)
  • Don Carlos (1787)
  • Wallenstein (1800)
  • Die Jungfrau von Orleans (Jeanne d'Arc, 1801)
  • Maria Stuart (Máire Stuart, Máire I, Banríon na nAlbanach, 1801)
  • Die Braut von Messina (An Bhrídeach ó Messina, 1803)
  • Wilhelm Tell (1804)
  • Die Huldigung der Künste (Ómós na nEalaíon, 1804)
  • Demetrius (neamhchríochnaithe)

Dánta cuir in eagar

  • Ode an die Freude (Óid don Aoibhneas, 1786)
  • Die Kraniche des Ibykus (Corra Ibycus, 1797)
  • Der Handschuh (An Lámhainn, 1797)
  • Das Lied von der Glocke (Amhrán an Chloigín, 1799)

Íomhánna cuir in eagar