Fuadach Don Tidey (1983)
Tharla fuadach Don Tidey ar an 24 Samhain 1983.[1] Fuadaíodh an fear gnó, a bhí i mbun Superquinn ag an am, i mBaile Átha Cliath.
Cineál | fuadach |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Don Tidey |
Dáta na bliana | 1983 |
Tír | Éire |
Déantóir na coire | Óglaigh Shealadacha na hÉireann |
Ar an 16 Nollaig 1983, maraíodh Patrick Kelly, saighdiúir,[2] agus Gary Sheehan, garda faoi oiliúint,[3] le linn léigear tarrthála an fhir ghnó i lár coille in aice Bhéal an Átha Móir, Contae Liatroma.[4][5][6][7][8]
Iarmhairtí
cuir in eagarSa bhliain 2008, cuireadh tús sa Chúirt Choiriúil Speisialta i mBÁC le triail Bhrendan 'Bik' McFarlane[9] - iarbhall sinsearach den IRA as Béal Feirste - ar chúisimh a bhaineann le fuadach an fhir ghnó, Don Tidey.[10].
Chomh maith leis an bhfuadach, cúisíodh Brendan McFarlane i ngunna a bheith ina sheilbh aige agus rún aige beatha a chur i mbaol. Phléadáil sé neamhchiontach sna cúisimh.
Thit an cás as a chéile agus bhí cead a chos ag McFarlane.
Sa bhliain 2011, thug David Kelly, mac an tsaighdiúra Patrick Kelly a maraíodh, aghaidh ar Martin McGuiness le pictiúir a athar agus é á chur i leith McGuinness go raibh fhios aige cé a bhí freagrach as bás a athar, ós rud é go raibh McGuiness fós ar Chomhairle Airm an IRA ag an am.[11]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Don Tidey Kidnapped" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-11-25.
- ↑ "Killing of Patrick Kelly" (as en) (2020-05-26). Wikipedia.
- ↑ "Gary Sheehan (police officer)" (as en) (2020-08-11). Wikipedia.
- ↑ "Béal an Átha Móir/Ballinamore" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-24.
- ↑ "IRA kidnap gang 'captured' seven gardai and soldiers" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-11-25.
- ↑ The Don Tidey Kidnapping. Garda and Soldier Murdered & Harrods Terrorist Attack. London. 16 Dec 1983 ar youtube.com (1983). "clár faisnéise ː nuacht RTÉ". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "CAIN: Chronology of the Conflict 1983". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-11-25.
- ↑ "Dark ending to kidnap nightmare" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-25.
- ↑ "Brendan McFarlane" (as en) (2020-10-31). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2008-06-11). "Cinnlínte Nuachta" (as ga).
- ↑ Páidí Ó Lionáird (2011). "Gaelscéal". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-07. Dáta rochtana: 2020.