Gúrú i gClúidíní
cnuasach filíochta
Cnuasach dánta leis an bhfile Cathal Ó Searcaigh is ea Gúrú i gClúidíní. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta é sa bhliain 2006.
Cineál | cnuasach filíochta |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Cathal Ó Searcaigh |
Foilseachán | 2006 |
Foilsitheoir | Cló Iar-Chonnacht |
Tuairimi an fhile
cuir in eagarDeir an file faoin gcnuasach:
- "Cé go bhfuil spiorad an tsolais sa duanaire seo tá imní fan dorchadas á léiriú go láidir ann fosta. Tig na dánta seo as duibheagán an dóláis, amhráin bheaga a chanann crá an chroí. Tá níos mó d?uamhan an aonaráin agus de bhuairt an tsaoil iontu, sílim, ná mar a gheobhfá de ghnáth i mo shaothar. Tá ualach na beatha ina luí orthu níos troime ná mar a braitheadh ar mo dhánta go dtí seo; tuiscint go bhfuil muid uilig inár n-aonaráin amuigh i mbéal an uaignis, amuigh ansin ar aghaidh na síoraíochta, is cuma cé chomh dlúth agus atá ár gcaidreamh lenár gcairde, lenár gcomharsain, lenár gcomhdhaoine. Sin é ár ndán, mar a déarfá, ár gcinniúint dhaonna".
Ainm
cuir in eagarTá mac uchtaithe ag an Searcach i Neipeal, Prem Timalsina, is dán faoi mhac Prem, Prashant, a thugann a ainm don leabhar.
Oileán na Marbh
cuir in eagarSeo dán a bhfuair an file coimisiúnú air faoi na hoileáin bheaga amach ó chósta Thír Chonaill, áit ar cuireadh leanaí a cailleadh sular baisteadh iad. Tá ceol curtha leis ag Neil Martin agus chas Maighread Ní Dhomhnaill agus an West Ocean String Quartet é ag ceolchoirm sa bhliain 2006.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Alt de chuid an Galway Independent Curtha i gcartlann 2008-12-24 ar an Wayback Machine
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |