Ord d’ éin choirp throma a bhíonn ag beathú ar an talamh agus a chuimsíonn turcaí, cearc fhraoigh, sicín, gearg an domhain nua agus gearg an tsean-domhain, tarmachan, patraisc, piasún, francolin, éanlaith dhufaire agus na Cracidae is ea na Galliformes. Tagann an t-ainm ó "gallus", an Laidin i gcomhair an choiligh . Is ainmneacha coitianta iad éanlaith chlóis nó éanlaith ghéim, Is minic a úsáidtear " éanlaith " do na Galliformes, ach de ghnáth tagraíonn na téarmaí seo d' éin uisce ( Anseriformes ), agus uaireanta d'éin eile a bhíonn á seilg go coitianta. Tá thart ar 290 speiceas ag an ngrúpa seo, agus go bunúsach tá ceann amháin nó níos mó díobh le fáil i ngach cuid de mhór-ranna an domhain (ach amháin na fásaigh is mó istigh agus an t- oighear buan). Tá siad níos teirce ar oileáin, agus i gcodarsnacht leis na héin uisce a bhfuil dlúthbhaint acu, tá siad as láthair go bunúsach ó na hoileáin aigéanacha - mura dtugann daoine isteach iad. Rinneadh roinnt speiceas a cheansú le linn a gcaidrimh fhada fhairsinge le daoine.

Tá cúig fhine san ord seo: Phasianidae (lena n-áirítear sicíní, gearga, patraiscí, piasúin, turcaithe,péacóga cearca fraoigh), Odontophoridae (gearga an domhain nua), Numididae (éanlaith Ghuine), Cracidae (lena n-áirítear cacalaí agus curasóí), agus Megapodiidae (éin gorlainne mar Leipoa ocellata agus Alectura lathami ). Tá siad tábhachtach mar scaiptheoirí síolta agus creachadóirí sna héiceachórais ina gcónaíonn siad, agus is minic a thógann daoine iad mar éin ghéim dá gcuid feola agus uibheacha agus le haghaidh fiaigh áineasa. Is reathaithe oilte iad bíonn siad in annn éalú ó chreachadóirí trí rith seachas eitilt. Tá fireannaigh an chuid is mó de na speicis níos ildaite ná na baineannaigh. Is minic a bhíonn deasghnátha suirí an éin casta ag na fireannaigh lena n-áirítear strutáil, cluimhreach , eireaball nó cleití ceann a thógáil, agus fuaimeanna gutha. Tá siad neamh-imirceach den chuid is mó.