Is comhfhreagraí polaitiúil é Gavan Reilly ag Virgin Media News agus is é láithreoir an phríomhchláir maidine Dé Domhnaigh ‘On The Record’ ar an stáisiún raidió Newstalk é freisin. D’oibrigh sé mar thuairisceoir in Washington, sa Bhruiséil agus ó Downing Street agus é ag plé le gnóthaí na hÉireann agus cúrsaí idirnáisiúnta. Chomh maith lena chlár ar Newstalk, tá sé ina láithreoir rialta ar The Tonight Show, agus roimhe sin ar ‘The Last Word’ le Today FM agus é ina chomhfhreagraí polaitiúil ag an stáisiún idir 2013-17. D’ainmnigh Murray Consultants é mar an t-iriseoir is mó tionchar in Éirinn ar Twitter sna blianta 2019 agus 2020, agus mar an comhfhreagraí polaitiúil is mó tionchar ar feadh seacht mbliana as a chéile. Tá dhá Ghradam Náisiúnta Raidió IMRO buaite aige. Bhí sé ina rúnaí ar Ghailearaí Preasa an Oireachtais freisin ar feadh naoi mbliana agus mar chathaoirleach air ó 2020 i leith. Bíonn sé le clos agus le feiceáil go rialta ar chláir chúrsaí reatha teilifíse agus raidió i dTuaisceart Éireann agus ar fud na Ríochta Aontaithe. D'fhreastail sé ar COBÁC.

Infotaula de personaGavan Reilly

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithRáth Moliain Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar