Caithréimeanna lonracha agus frithchaiteacha, déanta as micreaphlaistigh go minic, is ea gealra.[1][2] Baintear úsáid as gealra sna healaíona maisiúla.

Gealra
Gealra mar mhaisiúchán ar theach i Sasana.[3]

Truailleán cuir in eagar

Ní bhíonn an gealra in-bhithmhillte de ghnáth. Beag bídeach, b'fhéidir 0.05 go 0.35 mm, agus déanta as PVC nó PET roimh na 2020idí, is truailleán é agus tá an clúdach sna meáin sách diúltach faoi anois.

Tugadh isteach cosc ar ghealra plaisteach san Aontas Eorpach sa bhliain 2023 chun bruscar micreaplaisteach a laghdú. Bíonn sé an-dainséarach do na hainmhithe agus na héin nuair a théann sé isteach san fharraige. Ní bhaineann an riail ach le gealra plaisteach.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): gealra” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-12.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “glitter — Aistriúchán Gaeilge ar glitter (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-03-12.
  3. "Geograph:: View of a house painted with glitter on... © Robert Lamb". www.geograph.org.uk. Dáta rochtana: 2024-02-05.
  4. Eleathanach 447,  23 DF 2023