Gearóid Mór Mac Gearailt
8ú Iarla Chill Dara ab ea Gearóid Mac Gearailt, a bhásaigh timpeall an 3ú Meán Fómhair 1513. Tiarna mór le rá a bhí ann, a thugtaí Gearóid Mór nó an Iarla Mór air. Bhí sé ina bhFear Ionaid na hÉireann idir na blianta 1477 agus 1494 agus arís ón bhliain 1496 i leith. Bhí an oiread sin cumhacht agus cáil aige go bronnadh an leasainm "Rí gan choróin na hÉireann".
Gearóid Mór Mac Gearailt | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
1478 - 1513
1478 - 1492
1496 - 1513 | |||||||
Saol | |||||||
Eolas breithe | Éire, c. 1456 | ||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||
Bás | Cill Dara, 3 Meán Fómhair 1513 | ||||||
Muintir | |||||||
Athair | Tomás Mac Gearailt, 7ú Iarla Chill Dara | ||||||
Máthair | Lady Joan FitzGerald | ||||||
Céile/Céilí | Alison Eustace (en) ![]() Elizabeth St. John (en) ![]() | ||||||
Páistí | liosta iomláin
| ||||||
Treibh | Rishliocht Mhic Gearailt | ||||||
Oideachas | |||||||
Teangacha | an Béarla | ||||||
Gairm | |||||||
Gairm | uasal | ||||||
Duaiseanna |
SaolCuir in Eagar
Ceapadh Gearóid Mór Mac Gearailt ina bhFear Ionaid sa bhliain 1477, ach cuireadh an Tiarna Grey ó Chodnor díreach isteach ina áit ós rud é go raibh rialtas na Breataine den tuairim go mbeadh Sasanach níos oiriúnaí don phost siúd. Ní mó ná sásta a bhí tiarnaí uile na Páile, áfach, agus chuireadar parlaimint mhalartach nua ar bhun chun a míshástacht a chur in iúl d'Éadbhard IV. Sa deireadh thiar thall, ghéill an Rí do na tiarnaí agus bhí air Gearóid Mór a athcheapadh arís. Rinneadh Iarla Chill Dara de sa bhliain 1478.
Bhí Gearóid Mór in ann greim a choinneáil ar an iarlacht, cé gur ruaigeadh an ríshliocht York ó choróin Shasana agus insealbhaíodh Anraí VI ina Rí.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |