Gene Hackman

aisteoir Meiriceánach (1930–2025)

B'aisteoir Meiriceánach é Gene Hackman, (30 Eanáir 1930 - roimh an 18 Feabhra 2025). Bhí an-cháil ar Hackman as na róil a bhí aige sna scannáin The French Connection, Superman, Unforgiven, Absolute Power agus scannáin nach iad.

Infotaula de personaGene Hackman

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Eugene Allen Hackman Cuir in eagar ar Wikidata
30 Eanáir 1930
San Bernardino, California Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 18 Feabhra 2025
95 bliana d'aois
Santa Fe, New Mexico Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Galar hipirtheannasach croí agus galar corónach croí)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPasadena Playhouse (en) Aistrigh
Ollscoil Illinois, Urbana–Champaign
Léig Mac Léinn Ealaíne Nua-Eabhrac
Ardscoil Danville Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Airde1.88 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht agus aisteoireacht scannáin
Gairmaisteoir scannáin, scríbhneoir, saighdiúir, aisteoir stáitse, tiománaí carr rásaíochta, aisteoir gutha, aisteoir, úrscéalaí, údar, oifigeach míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1959 –  2004
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCór Mara na Stát Aontaithe
Spórtrásaíocht mótair Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileFaye Maltese (1956–1986), colscaradh
Betsy Arakawa (1991–2025), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteChristopher Allen Hackman
 ( Faye Maltese)
Elizabeth Jean Hackman
 ( Faye Maltese)
Leslie Anne Hackman
 ( Faye Maltese) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0000432 Allocine: 2705 Rottentomatoes: celebrity/gene_hackman Allmovie: p29486 57619 Metacritic: person/gene-hackman TV.com: people/gene-hackman IBDB: 43623 AFI: 57619 TMDB.org: 193
Last fm: Gene+Hackman Musicbrainz: c898abd6-f602-4312-a4ba-f4499f214c28 Discogs: 1584346 Allmusic: mn0000196695 Cuir in eagar ar Wikidata
2008

Bhain Hackman clú agus cáil amach sna 1970idí i scannáin ar nós The French Connection agus The Poseidon Adventure. Bhain sé gradam Oscar as a ról in The French Connection agus as ról tacaíochta in Unforgiven in 1992.

Bhí cáil air freisin as poimp agus poiblíocht Hollywood a sheachaint. D'éirigh sé as an aisteoireacht in 2004.[1]

Bhí triúr clainne ag Hackman lena chéad bhean chéile Faye Maltese. Phós sé an pianódóir Betsy Arakawa i 1991, 30 bliain d'aois ag an am.

Ar an 26 Feabhra 2025, fuarthas Hackman marbh ina theach cónaithe in New Mexico sna Stáit Aontaithe lena bhean chéile Betsy Arakawa. Fuarthas marbh madra na lánúine chomh maith. 95 bliain d'aois a bhí Gene Hackman agus 64 bliain a bhí a bhean.[2][1]

Fuair an t-aisteoir agus a bhean chéile bás nádúrtha. I ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris, galar neamhchoitianta a scaipeann creimirí. Mhair Hackman beagnach seachtain eile ina diaidh. Bhí Hackman an-tinn le tamall, agus bhí galar croí, galar Alzheimer agus galar duáin air.[3] Ní raibh a fhios ag an an aisteoir go raibh a bhean marbh, is cosúil, agus ní raibh cuairteoir ar bith acu le linn mhí Feabhra.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-02-27). "Gene Hackman agus a bhean faighte marbh ina dteach cónaithe" (as ga-IE). 
  2. Ed Pilkington (2025-02-27). "Gene Hackman and wife’s deaths ‘suspicious enough’ for investigation, warrant says" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-02-27.
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (8 Márta 2025). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-03-08.