Cumannach Gearmánach a bhí in Georg Elser (a rugadh ar an 4 Eanáir 1903 i Hermaringen i gcóngar do Stuttgart agus a cuireadh chun báis i gcampa géibhinn Dachau ar an 9 Aibreán 1945) .

Infotaula de personaGeorg Elser

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Johann Georg Elser
4 Eanáir 1903
Hermaringen Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Aibreán 1945
42 bliana d'aois
Campa Géibhinn Dachau, Gearmáin na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Gníomhaíocht
Gairmcearpantóir, siúinéir, trodaí frithbheartaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis

IMDB: nm7301751 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí plean dána aige le deireadh a chur le réimeas Hitler faoi thús an Dara Cogadh Domhanda.[1][2] Ba bheag nár éirigh leis agus cé gur mharaigh an pléascadh cúpla duine, d’éirigh le Hitler na cosa a thabhairt leis. D'athraigh Georg Elser cúrsa na staire, beagnach (bhí sé 15 nóiméad ródhéanach). Léirigh Elser misneach iontach ann ar aon nós.

Imeachtaí cuir in eagar

Siúinéir agus ceardaí oilte a bhí in Elser. Bhí baint aige leis na Cumannaigh ar feadh tamaill sna 1930idí.

Tar éis Chomhaontú München[3] sa bhliain 1938, bhí Elser cinnte de go raibh Hitler meáite ar chogadh agus chinn sé é a stopadh.[4] Fuair sé obair i gcairéal chun teacht ar phléascáin agus ansin bhog sé go München.

Cuimhneachán Georg Elser inniu in Königsbronn.
Dealbh Georg Elser, Wilhelmstrasse, Beirlín

D'fhéach Elser le hAdolf Hitler a mharú le buama dá dhéantús féin i dteach tábhairne Bürgerbräukeller ("Beoirhalla na Saoránach"), München. Théadh sé gach tráthnóna chuig an Bürgerbräukeller, agus d'fhan sé ina bhfolach ann go dtí go mbíodh gach duine eile imithe agus ansin théadh sé i mbun oibre. Taobh istigh de 30 lá, bhí an buama i bhfolach i bpoll a thochail sé sa philéar taobh thiar den ardán.

8 Samhain 1939 cuir in eagar

Georg Elser Infotafel, München im Gasteig

Ar an 8 Samhain 1939, tháinig Hitler go München cothrom an lae Cheannairc an Bheoirhalla (an iarracht mhí-ádhúil a rinne sé i Mí Samhna na bliana 1923 leis an gcumhacht a shealbhú sa Ghearmáin).

Chuir Elser a bhuama i gcrannóg óráidíochta an bheoirhalla. Mhaidhm an buama de réir mar a bhí socraithe ag Elser. Mar a d'iompaigh an scéal amach, áfach, b'éigean do Hitler an áit a fhágáil roimh ré, agus tháinig sé slán sábháilte as. Nuair a phléasc an buama, áfach, maraíodh ochtar daoine a bhí fágtha sa halla.

Gabhadh Elser, rinneadh diancheistiú air agus céasadh é. Agus é faoi bhrú, coinnigh sé a mhisneach, in ainneoin na spídiúlachta a rinneadh air.[5]

Aitheantas cuir in eagar

Ní bhfuair Elser an t-aitheantas a bhí tuillte aige sna blianta iarchogaidh sa Ghearmáin. Ach rinne Klaus-Maria Brandauer scannán sa bhliain 1989 a chuir Georg Elser faoi bhráid pobail leathan faoi dheireadh.

Go díreach tar éis an chogaidh, bhí ráflaí ag dul thart gur chomhcheilg de chuid na Sasanach nó na Naitsithe féin a bhí san ionsaí agus rinneadh neamhaird ar chás Elser dá bharr. Ach i dtús na seascaidí, thángthas ar cháipéisí de chuid an Gestapo, taifid an cheistithe a bhí déanta acu ar Elser. Dheimhnigh na cáipéisí siúd an leagan den scéal thuas.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tomás Ó Maolalaidh. "Georg Elser - Feallmharú Amú" (Comhar 75 (5), lch 16-18). 
  2. Tomás Ó Maolalaidh, Johann Georg Elser (2015). "FEALLMHARÚ AMÚ". Comhar 75 (5): 16–18. ISSN 0010-2369. 
  3. "Munich Agreement" (as en) (2020-11-07). Wikipedia. 
  4. Ormondo (2011-11-08). "Rann na nGág: 08.11.1939: ná déantar dearmad de Georg Elser (IS)...". Rann na nGág. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  5. Stiúrthóir Oliver Hirschbiegel -. "Scannán "13 Minutes"" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2020-11-08.