George J. Mitchell
Is iar-Sheanadóir na Stát Aontaithe é George J. Mitchell (a rugadh ar 20 Lúnasa 1933).[1] Bhí Mitchell sa Seanad ó 1980 go dtí 1995 agus chaith sé tamall de na blianta sin ina cheannaire ar na Daonlathaigh ó 1989 go dtí 1985. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina thoscaire ag na Stáit Aontaithe i dTuaisceart na hÉireann agus sa Meánoirthear.[2] Is iar-Sheansailéir ar Ollscoil na Banríona é.[3]
Saol
cuir in eagarDlíodóir
cuir in eagarCéimí de chuid Lárionad Dlí Ollscoil Georgetown is ea Mitchell, áit a ndearna sé staidéar ar an dlí mar mhac léinn tráthnóna. Bhí sé ina aturnae trialach sa Rannóg in Aghaidh Trustaí, de chuid Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe, ina chúntóir feidhmiúcháin ag An Seanadóir Edward S. Muskie agus ag ag cleachtadh an dlí go príobháideach i Portland, Maine (1965 go 1977.)
Aturnae na Stát Aontaithe le haghaidh Maine ab ea Mitchell (1977-79). Bhí sé ina bhreitheamh de Chúirt Dúiche na Stát Aontaithe le haghaidh Dúiche Maine (1979-80). Tá Mitchell fós ina chomhpháirtí sa chomhlacht dlí domhanda DLA Piper
Polaitíocht
cuir in eagarCeapadh Mitchell chun téarma an tSeanadóra Muskie mar Sheanadóir de chuid SAM a chríochnú.
Toghadh agus atoghadh sa phost sin é sa bhliain 1982 agus 1988, agus é ina Cheannaire ar an Mionlach sa Seanad ó 1989 go 1995.
Taidhleoireacht
cuir in eagarMar Thoscaire Speisialta SAM do Thuaisceart Éireann ó 1995 go 2001 bhí ról tábhachtach ag Mitchell i bpróiseas síochána Thuaisceart Éireann, go mór mór agus Comhaontú Aoine an Chéasta faoi chaibidil.
Mar aitheantas air sin, bhí sé ina Sheansailéir ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste ó 1999 go 2009.
Ní ba dhéanaí, bhí sé ina Thoscaire Speisialta de SAM don Mheánoirthear (2009-11). Ach níor éirigh leis chomh maith is a d'éirigh leis i dTuaisceart Éireann.
Tá Mitchell ina Chathaoirleach Emeritus agus ina Chathaoirleach Oinigh ar An Tionscadal Domhanda um Cheartas.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Life and Career of George Mitchell | C-SPAN.org" (en-us). www.c-span.org. Dáta rochtana: 2020-08-20.
- ↑ Máirtín Ó Catháin. "Comhaontú Aoine an Chéasta, Conamara, an imirce agus an Seanadóir George Mitchell" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-20.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-20.
- ↑ "World Justice Project" (as en) (2020-08-14). Wikipedia.
{
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |