Coirpeach is ea Gerry (Gerard) Hutch, nó 'The Monk' (a rugadh ar 12 Aibreán 1963).[1][2][3]

Infotaula de personaGerry Hutch
Beathaisnéis
Breith1963
60/61 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcoirpeach Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí achrann ann idir na buíonta Hutch agus Kinahan ar feadh na mblianta, agus plá na ndrugaí ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath. Ba é Gary Hutch, deartháir le Gerry, an chéad duine a dúnmharaíodh san aighneas idir buíonta coirpeach Hutch agus Kinahan.[4][5] Maraíodh timpeall 18 eile san aighneas idir an dá bhuíon coiriúlachta, idir 2014 - 2020[6]

Práinn slándála i mBÁC

Tóraíocht cuir in eagar

Lámhachadh agus maraíodh David Byrne, 34 bliain, in Óstán an Regency i nDroim Conrach ar an 5 Feabhra 2016.

Bhí Hutch sna 2010idi ag bogadh go rialta ó áit go háit ar Mhór-roinn na hEorpa; bhí teach aige sa Spáinn fiú.[7] Ar 14 Meán Fómhair 2016, cuardaíodh cúig áit ar an Costa Del Sol, áit a raibh muintir Kinahan lonnaithe chomh maith.[8][9][10][11][12][13][14][15]

2021 cuir in eagar

Ar 20 Aibreán 2021, bhí barántas gabhála Eorpach eisithe ag an Ard-Chúirt i gcomhair Hutch, le cur ar a thriail faoin ionsaí lámhaigh in Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2016, inar maraíodh fear.[16]

Rinne an Spáinn Hutch a eiseachadadh chun na hÉireann i mí Meán Fómhair 2021. Ag an éisteacht eiseachadta sa Spáinn, mhaígh Gerry Hutch nach mbeadh sé sábháilte aige filleadh ar Éirinn mar go raibh buíonta coirpeach abhus ag féachaint lena mharú ǃ[17]

Tháinig Hutch go Aeradróm Mhic Easmainn in iarthar Chontae Bhaile Átha Cliath ar eitleán le hÓglaigh na hÉireann ar 29 Meán Fómhair 2021 agus cuireadh ar a thriall é.[18]

Ar 18 Aibreán 2023,, fuarthas neamhchiontach Gerry Hutch i ndúnmharú. Dúirt na breithiúna cé gur thug cuid den fhianaise sa triail le tuiscint go mb'fhéidir gur thug Gerard Hutch a bheannacht don ionsaí lámhaigh, nárbh in le rá go raibh sé féin ar an mball ná páirteach ann go pearsanta.[19]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Paul Williams (2020-10-22). "The Monk: The Life and Crimes of Ireland's Most Enigmatic Gang Boss" (as en). Atlantic Books. 
  2. Nuacht RTÉ (2017-03-03). "Gardaí dóchasach go mbainfear an bonn de bhuíonta coiriúla" (as ga). 
  3. Foinsí RTÉ / cuardach Googleː. "site:.rte.ie "hutch" kinahan "agus" - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2021-10-05.
  4. Nuacht RTÉ (2016-09-14). "Láithreacha cuardaithe ag Gardaí agus ag póilíní ón Spáinn" (as ga). 
  5. (2022-02-04). "Gary Hutch pictured in Daniel Kinahan gym months before Cartel ordered him dead" (en-ie). The Irish Sun. Dáta rochtana: 2023-04-12.
  6. Nuacht RTÉ (2019-07-29). "Téarmaí príosúin gearrtha ar bheirt de bhuíon Kinahan" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2021-04-20). "Barántas gabhála Eorpach eisithe i gcomhair Gerard Hutch" (as ga). 
  8. Nuacht RTÉ (2020-08-31). "Beirt de bhuíon coiriúlachta Kinahan curtha go príosún" (as ga). 
  9. Nuacht RTÉ (2017-03-16). "Fear óg sa chúirt faoi dhúnmharú in aighneas Hutch-Kinahan" (as ga). 
  10. Nuacht RTÉ (2018-11-16). "'Baint ag dúnmharú fir i gCill Dara le haighneas Kinahan-Hutch' / Clive Staunton" (as ga). 
  11. Nuacht RTE (2019-07-15). "Ciontú suntasach atá i mbaill bainteach le buíon Kinahan - Gardaí / Declan Brady, Alan Wilson, Glen agus Gary Thompson" (as ga). 
  12. Nuacht RTÉ (2019-03-06). "Fear gafa faoi mharú Kane McCormack" (as ga). 
  13. Nuacht RTÉ (2021-05-20). "Fear ciontaithe i ndúnmharú Dhaithí Douglas / Lee Canavan," (as ga). 
  14. "Stop curtha ag Gardaí le hiarracht duine de lucht Hutch a mharú" (as en) (2018-03-15). 
  15. Nuacht RTÉ (2018-01-31). "Fear a raibh baint aige le lucht Hutch caite i mBaile Átha Cliath / Jason Molyneux" (as ga). 
  16. Lámhachadh agus maraíodh David Byrne, 34 bliain, in Óstán an Regency i nDroim Conrach ar an 5 Feabhra 2016.
  17. Nuacht RTÉ (2021-09-29). "Gerry Hutch á eiseachadadh go hÉirinn tráthnóna" (as ga). 
  18. Paul Reynolds / RTÉ news (2023-01-20). "Hutch trial hears alleged admission meeting 'possible'" (as en). 
  19. Nuacht RTÉ (2023-04-17). "Hutch faighte neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne" (as ga).