Baile Átha Cliath Láir (Dáilcheantar)
Is Dáilcheantar 4 suíochán é Baile Átha Cliath Láir.
Baile Átha Cliath Láir | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1981 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Toghcháin
cuir in eagarOlltoghchán 2016 (3 suíochán)
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Paschal Donohoe (Fine Gael), Mary Lou McDonald (Sinn Féin), agus Maureen O'Sullivan (Neamhspleách). Theip ar Joe Costello (Páirtí an Lucht Oibre)
Olltoghchán 2020 (4 suíochán)
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Paschal Donohoe (Fine Gael), Mary Lou McDonald (Sinn Féin), Neasa Hourigan (An Comhaontas Glas) agus Gary Gannon (Na Daonlathaithe Sóisialta). Fuair iarrthóirí Fine Gael 15% den vóta in 2020. An tAire Paschal Donoghue (FG) a thóg an tríú suíochán in 2020 ach bhí air fanacht go dtí an naoú comhaireamh, tráth ar toghadh é féin, Neasa Hourigan (CG) agus Gary Gannon (DS) sa gceantar seo. Thóg Gannon an ceathrú suíochán in 2020, cé nach raibh aige ag an tús ach 2,912 vóta. Fuair sé vótaí aistrithe go leor ó iarrthóirí eile ar an eite chlé.[1]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, ní raibh aon athrú ar an Dáilcheantar ó 2020, cé go raibh ardú suntasach ar an daonra. Triúr déag iarrthóir a bhí san iomaíocht do na ceithre shuíochán, ina measc an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Mary Lou McDonald (SF); Paschal Donoghue (FG); Neasa Hourigan (CG) agus Gary Gannon (DS) agus an coirpeach Gerry Hutch, iarrthóir neamspleách.[1]
Atoghadh McDonald (SF); Donoghue (FG); ) agus Gannon (DS) chomh maith le Marie Sherlock, Lucht Oibre. Bhí Hutch thart os cionn 5,000 vóta chun cinn ar Sherlock ag tráth amháin. Bhí an tuairim ann go bhféadfadh Hutch an 4ú suíochán a bhuachan. Ach fuair Sherlock dóthain aistriúchán leis an suíochán deiridh sin a thabhairt léi.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (27 Samhain 2024). "Cathanna suimiúla romhainn i gcathair Bhaile Átha Cliath agus polaiteoirí mór le rá i gcontúirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-27.
- ↑ "Is le Sherlock an 4ú suíochán i mBÁC Láir;Hutch caillteach" (as ga) (2024-11-30).