Glóthach shilice
Is éard atá i nglóthach shilice[1][2] ná dé-ocsaíd sileacain i bhfoirm dhímhorfach (is é sin gan struchtúr criostalda). Ós rud é go bhfuil sí dímhorfach, tá a struchtúr mírialta agus é lán de phóireanna (poill bheaga). Is í an phóiriúlacht seo is cúis leis gur dual don ghlóthach shilice uisce a shú chuici óna timpeallacht — is é sin gur ábhar tais-scópach é.
Substaint cheimiceach | substaint cheimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 60.1 Da |
Ról | oibreán tais-scópach |
Airí | |
Dlús | 2.2 g/cm³ (a 20 °C) |
Pointe leáite | 1,710 °C |
Fiuchphointe | 2,230 °C (a 760 Torr) |
Galbhrú | 0 mmHg |
Guais | |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 6 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh) |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 3,000 mg/m³ |
Is gnách glóthach shilice a úsáid le taise a ionsú: mar shampla cuirtear málaí beaga glóthaí silice i bpacáistiú na ngléas teicneolaíochta agus, abair, in easair chait.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““glóthach shilice” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-06.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “silica gel — Aistriúchán Gaeilge ar silica gel (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-06.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |