Glútaitión
Is frithocsaídeoir é an glutathione i bplandaí, ainmhithe, fungais, agus roinnt baictéar agus archaea . Tá an glutathione in ann damáiste a chosc i gcomhpháirteanna ceallacha tábhachtacha de bharr speiceas ocsaigin imoibríoch amhail saorfhréamhacha, sárocsaídí, sárocsaídí lipíd agus trom-mhiotail[1]. Is tripheiptíd é le nasc gáma-pheiptíd idir an grúpa carbocsaile den taobhshlabhra glútamáite agus an chistéin. Tá an grúpa carbocsaile den iarmhair cistéine ceangailte le gnáthnasc peiptíde leis an glicín.
Substaint cheimiceach | comhdhúil cheimiceach, trípheiptíd agus aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 307.084 Da |
Tacsón ina n-aimsítear é | arbhar Indiach, Oryza sativa, pónaire Fhrancach, Cucurbita pepo, cúcamar, tailís, Escherichia coli, Synechococcus elongatus, Trypanosoma brucei, oinniún, gairleog, Brassica oleracea, raidis, Aloe africana, Enterococcus faecalis, Homo sapiens, Ardisia crenata, Psychotria punctata, Drosophila melanogaster, Leishmania mexicana, Euglena gracilis, Valsa sordida, Caenorhabditis elegans, Aspergillus fumigatus, spionáiste, Cucurbita, Pomagrainít, tráta agus Pseudevernia furfuracea |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₁₀H₁₇N₃O₆S |
![]() | |
SMILES canónta | Model 2D C(CC(=O)NC(CS)C(=O)NCC(=O)O)C(C(=O)O)N |
SMILES isiméireach | C(CC(=O)N[C@@H](CS)C(=O)NCC(=O)O)[C@@H](C(=O)O)N |
InChI | Model 3D |
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Pompella A, Visvikis A, Paolicchi A, De Tata V, Casini AF (October 2003). "The changing faces of glutathione, a cellular protagonist". Biochemical Pharmacology. 66 (8): 1499–503. doi:10.1016/S0006-2952(03)00504-5. PMID 14555227.