Gleann Cuilinn (Baile Átha Cliath)

baile i gContae Bhaile Átha Cliath

Sráidbhaile beag i nDeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath na hÉireann is ea Gleann Cuilinn[1] (Béarla: Glencullen). Baile fearainn é i ndeóise sibhialta Chill Tiarnáin, atá i mBarúntach agus Aontas Dhlí na mBocht Ráth an Dúin, ceantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá an sráidbhaile lonnaithe ar an R116, 276 méadar os cionn na farraige (906 troigh) agus fágann sin gurb é ceann de na sráidbhailte is airde in Éirinn é.[2]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGleann Cuilinn
Glencullen (en)
Gleann Cuillinn (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°13′N 6°13′W / 53.22°N 6.22°W / 53.22; -6.22
Stát ceannasachÉire
Contae riaracháin áitiúilDún Laoghaire-Ráth an Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán189 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde276 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1166183
Droichead Ghleann Cuilinn

Logainm cuir in eagar

Tá roinnt den tuairim gur as muintir Cullen, atá fós líonmhar go leor ar an mbaile, a ainmníodh an baile, cé gur ón gcrann cuilinn a cheaptar a thagann sé de ghnáth. Tugadh Gleann Chuilinn sa Ghaeilge agus Glancullen as Béarla air, scaití.

Gleann Cuileann in Áiteanna Eile cuir in eagar

Bailte Fearainn cuir in eagar

Tá sé bhaile fearainn ann, mar atá; Baile an Rí, Béarla: ​Kingston An Baile Breac, Ballybrack, An Baile Nua Beag, ​Newtown Little, An Baile Nua, ​Newtown, Baile Shéamais, ​Jamestown, agus An Ghléib, ​Glebe.

Oidhreacht cuir in eagar

tuama dinge ón gCré-umhaois ag Baile Éamainn Dhuibh ar fhána oirthir Bhinn Dá Charraig, cnoc ar a dtugtar Knocknamoe (Cnoc na mBó?). Uaigh an Fhathaigh a thugtar air go háitiúil. Is seomra dronuilleogach é atá roinnte ina thrí chuid, agus é timpeallaithe ag colbha u-chruthach de dhá bhalla atá líonta le clocha. Rinne Seán P. Ó Riordáin agus Ruaidhrí De Valera an tuama a thochailt sa bhliain 1945 agus aimsíodh cnámha créamtha, casúr cloiche snasta, breochlocha agus potadóireacht. Tá sé ar na samplaí is breátha den chineál seo tuama sa tír. Tá ealaín chloiche le feiceáil ar chloch mhór eibhir atá in aice leis an mbealach isteach. Is séadchomhartha náisiúnta atá ann.

Tá gallán tábhachtach ar Newtown Hill agus tá carn cré adhlactha atá ann ón tréimhse chéanna lena mbaineann tuama dinge Bhaile Éamainn Dhuibh.[3] Tá liagán eile gearr do chrosaire Johnny Fox's ar a dtugtar Queen Mab go háitiúil, ar dócha gur de 'Medb' nó Maedhbh a thagann sé ó thús.

Laistíos de Bhinn Dá Charraig atá ceann de shainchomharthaí tíre Bhaile Átha Cliath Theas Binn Trí Charraig, gona chrainn chumarsáide, roinnt acu atá le feiscint as Gleann Cuilinn.

Sa bhliain 1851 rinneadh léaráid de dholman nach ann dó a thuilleadh, Leaba na Saigh a bhí in aice leis an mbaile fearainn, an Bhrocaigh. Scrios saoir cloch é.

Stair cuir in eagar

Ba as Gleann Cuilinn don pholaiteoir Christopher Fitzsimon, garmhac do Dhónall Ó Conaill. I Lúnasa na bliana 1841 tharla don bhaile bheith ag lár ghluaiseacht na corraíola in aghaidh rialtas Robert Peel nuair a tionóladh comhairle na comhaireachta ag suí Fitzsimon. Ina measc siúd a bhí i láthair bhí Viscount Morpeth agus Frederick Romilly. Le linn Éirí Amach na bhFíníní sa bhliain 1867 ghéill an naonúr póilíní a bhí i mBeairic an bhaile go Poblacht na hÉireann. [5]

Eagraíodh ''Aonach Ghleanna Chuilinn'' nó an ''Glencullen bazaar'' ann sa bhliain 1903.

Féile na bhFraochán cuir in eagar

D'eagraítí The Frauchan Festival (Féile na bhFraochán) Mí Iúil ar an mbaile sna seachtóidí agus ochtóidí. D'eagraítí an fhéile timpeall ar Thabhairne Johnnie Fox's. Cuireadh stop leis an bhféile tar éis gur maraíodh Patricia Furlong, bean óg ann ar an 24 Iúil, 1982. D'aimsigh feirmeoir corp leathnocht na mná i gcúinne páirce cúpla céad slat ón tábhairne. Bhí a buataisí bainte di is iad in aice a coirp. Tachtadh í lena cuid éadaí féin.[4]

Siamsaíocht cuir in eagar

 
Radharc de Shráidbhaile Ghleann Cuilinn, agus Tábhairne Johnnie Fox ar dheis

Ag lár an bhaile tá Teach Tábhairne Johnnie Fox a bunaíodh sa bhliain 1798, bliain an Éirithe Amach Éireannaigh a raibh Theobald Wolfe Tone i gceannas air. Maítear gurb é an Teach Leanna Traidisiúnta is airde sa tír é agus creidtear seo go forleathan, cé nach fíor seo. Deirtear gur úsáid ceannairí Éirí Amach na Cásca é mar áit le casadh ar a chéile.

Áiseanna cuir in eagar

Tá Leabharlann pháirt-aimseartha lonnaithe i bhfoirgneamh Carnegie a tógadh siar sa bhliain 1907. Tá Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, bunscoil náisiúnta, lonnaithe sa bhaile.

Spórt cuir in eagar

Tá an Cumann CLG Réaltaí na hÉireann (Béarla: Stars of Erin) lonnaithe i nGleann Cuilinn. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1903 agus tá comórtas uile-Éireann na gclubanna buaite acu faoi dhó. Bhuaigh siad Corn Paddy Mulligan sa bhliain 2010.

Tá galf-chúrsa 9 bpoll agus cúrsa ghalf dhá mhaide 18 poll lonnaithe ar an mbaile.

Iompar cuir in eagar

Tá seirbhís de chuid Bus Átha Cliath i nGleann Cuilinn. Téann an bus 44B ón stad Luas i nDún Droma go Gleann Cuilinn.

Litríocht cuir in eagar

I leabhar filíochta mhuintir Uí Bhroin, An Leabhar Branach (1550-1630), tá go leor dánta a chum na filí oidhreachtúla i bhfábhar mhuintir Uí Bhroin agus tá tagairt do Ghleann Cuilinn i gceann acu, (agus Cill Tiarnáin freisin).

Seo dán le Fear gan Ainm Mac Eochadha ó An Phailís (Loch Garman), Loch Garman dar teideal Ag so Caithréim Aodha mhic Seáin ón bhfear gcéadna

Feirg na foirn do dhúisigh
buar Bhaile Mhic Chuarúisigh
Muilionn an Stealláin 'na stair,
fuirionn na tteannáil ttachair.
Tig riú, measaide a móide,
Corcach is Cill Beagóige,
's Cill Tighiornáin don taobh thoir,
Aodh dob iniomráidh uathuibh.
Le Raghnall chuibh na ruag
mear Baile an Locháin do loisgeadh;
reic a gcníomh a nGleann Chuilinn
bíodh a gceann gcuartuighim.
An Fásach Ruadh, Ráith an Dúin,
Siad d'argain dob fháth iomthnuidh;
fir ré cradh cáich do theagar.
fá Ráith Gar do ghluaisiodar.

Foinse: 16 Mac Airt, Seán, ed., Leabhar Branach, (Dublin 1944), p. 71-2. WPIL, p. 176.

Déantar mórán tagairtí do Ghleann Cuilinn i leabhar chuimhní cinn Dennis Kennedy, leabhar dar teideal Square Peg.[5] Luann Samuel Beckett an sráidbhaile ina chuid scríbhinní.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Gleann Cuilinn/Glencullen | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. [https://web.archive.org/web/20120829114800/http://maps.osi.ie/publicviewer/#V1,718908,720508,4,1 Curtha i gcartlann 2012-08-29 ar an Wayback Machine Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann: Amharcóir Poiblí Léarscáileanna (dírithe ar Ghleann Cuilinn)
  3. "Stair Ghleann Cuilinn" (PDF). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-07-13. Dáta rochtana: 2015-12-25.
  4. http://www.independent.ie/national-news/the-murder-mile-of-the-mountains-did-focus-on-dj-leave-killer-at-large-2996231.html
  5. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-02-05. Dáta rochtana: 2015-11-10.