Gleann Moireasdan
Is gleann suite i gComhairle na Gàidhealtachd é Gleann Moireasdan. Ritheann sé ó Loch Nis, ag sráidbhaile Inbhir Mhoireastain, siar go Loch Cluanaidh, áit a mbuaileann sé le Gleann Seile. Téann na bóithre A887 agus A87 trí Ghleann Moireasdan.
Cineál | Gleann | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland agus Urquhart and Glenmoriston, Scotland (en) | |||
| ||||
Is í an Abhainn Mhoireastain an ghné is suntasaí sa nGleann. Is díol spéise mór í an abhainn d'iascairí, ach freisin d'fhairtheoirí na n-éan a thagann chun na gcoirneach agus na n-iolar a fheiceáil ag iascaireacht ar an abhainn. Titeann an abhainn thar eas ag Inbhir Mhoireastain isteach i Loch Nis, ag dul thar dhroichead bunaidh Thomas Telford, a tógadh sa bhliain 1813.
Thart ar chúig mhíle síos an gleann ó Inbhir Mhoireastain tá Loch Dhul Dreagain. Anseo, baintear leas as fórsa nádúrtha na habhann trí dhamba hidrileictreach, a sholáthraíonn cumhacht don cheantar. Scaoiltear uisce amach as an ndamba gach Máirt, rud a mheallann cuairteoirí go mór le haghaidh raftú bánuisce agus curachóireacht. Tar éis staidéar féidearthachta i nGleann Afraig, athbhunaigh an carthanas Trees for Life (Scotland) toirc allta i gceantar mór fálaithe ar Eastát Dhul Dreagain i mí na Samhna 2009..[1]
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- www.glenmoriston.org.uk – stair, seanchas, amhráin, filíocht, scéaltaí ó 1850 gu dtí anois
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ Ross, David (26 November 2009) "Wild Boar: our new eco warriors" The Herald. Glasgow.