Loch mór, domhain, fionnuisce sna Garbhchríocha de chuid na hAlban is ea Loch Nis (Béarla: Loch Ness), a leathnaíonn thart ar 37 km (23 míle) siar ó dheas ó Inbhir Nis.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Nis
LochNessUrquhart.jpg
CineálLoch
Cuid deCanáil Chaladónach
Suíomh
Tíortha abhantraíAlbain
Stát ceannasachAn Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle na Gàidhealtachd
Map
 57°18′N 4°27′W / 57.3°N 4.45°W / 57.3; -4.45Comhordanáidí: 57°18′N 4°27′W / 57.3°N 4.45°W / 57.3; -4.45
SliabhraonNa Garbhchríocha
Craobh-aibhneacha
EisilteachBona Narrows (en) Aistrigh
Tréithe
Airde16 m
Doimhneacht uasta272 m
Toisí1.5 (leithead) × 39 (fad) km
Bearta agus táscairí
Cumas7,450 hm³

Seasann a dhromchla 16 méadar os cionn leibhéal na farraige.

Tá sé nasctha, ar an taobh ó dheas, leis an Abhainn Omhaich, agus le gearradh den Chanáil Chaladónach. Ar an taobh ó thuaidh tá Caol a' Bhànath (Béarla: Bona Narrows), a osclaíonn amach i Loch Dabhach a' Phùir, agus a bheathaíonn Abhainn Nis agus cuid eile den chanáil go dtí Inbhir Nis.

Is ceann é de na sraitheanna dobharlach ruaimneach modartha, in Albain; bíonn infheictheacht a chuid uisce go heisceachtúil íseal, mar gheall ar mhéid na móna san ithir máguaird.

Níl ann ach cleas

Stair agus miotaseolaíochtCuir in Eagar

Tá cáil idirnáisiúnta ar an loch mar gheall ar a "ollphéist" “Niseag”. Ar an 2 Bealtaine 1931, tuairiscíodh an chéad dearcadh d'Ollphéist Loch Nis i nuachtán Albanach. Is cosúil go raibh gimic mhargaíochta ann,  chun tionscal na turasóireachta a spreagadh[1].

 
Caisleán Urquhart agus Loch Nis

De réir na miotaseolaithe, leis na céadta bliain, chreid daoine áirithe go raibh rud mór mistéireach i bhfolach in uisce Loch Nis. "An ollphéist nó amaidí é? An bhfuil ainmhí cosúil le dineasár sa loch?"[2]

De réir scéal eile, chuir Naomh Colm Cille Nessie faoi dhraíocht agus "théaltaigh an ollphéist ar ais faoin uisce gan a haghaidh a thaispeáint os cionn uisce arís nuair a bhí daoine ann"[3].

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Mackal, Roy P., The Monsters of Loch Ness, leathanach 85 (Futura, 1976) ISBN 0-86007-381-5
  2. "Mistéir Ollphéist Loch Nis", Maureen Fleming & Virginia King, ISBN 9780732747411 Litríocht.com
  3. "Colm Cille agus Scéal Ollphéist Loch Nis" http://ccea.org.uk Curtha i gcartlann 2018-04-17 ar an Wayback Machine