Glinsce, Contae na Gaillimhe (Béal Átha Mó)
Is sráidbhaile agus paróiste sibhialta é Glinsce[1], nó Gleann Uisce scaití, atá suite i gContae na Gaillimhe agus i mbarúntacht Bhéal Átha Mó. Tá sé thart ar 68 km ó chathair na Gaillimhe agus thart ar 30 km ó bhaile Ros Comáin.
Glinsce, Contae na Gaillimhe | ||||
---|---|---|---|---|
Glinsce (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Barúntacht | Béal Átha Mó | |||
Paróistí dlí in Éirinn | Baile na Cille | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1413579 |
I measc na seirbhísí atá le fáil ar an mbaile tá siopa, pub, scoil náisiúnta, páirc CLG agus eaglais. Tá Caisleán Ghlinsce in aice láimhe. Tógadh sin ar ordú an Bhairnéad Uileog de Búrca ag tosú thart ar 1628. Maítear gurb é sin an caisleán deireanach a tógadh in Éirinn, rud a bhraitheann ar an sainmhíniú atá ann ar 'caisleán', dar ndóigh.
Baile na Cille an t-ainm oifigiúil atá ar pharóiste Ghlinsce agus is sa mbaile fearainn sin atá an reilig áitiúil suite. Tá sé ina chuid de pharóiste Caitliceach Ghlinsce agus Chill Bheagnait. Mar a léiríos leagan "Gleann Uisce" an ainm, tá abhainn ag rith láimh leis an áit, mar atá, Abhainn na Suca.
Féach freisin
cuir in eagarGlinsce, leathanach idirdhealaithe le cúpla áit eile in Éirinn ar a dtugtar 'Glinsce'.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Glinsce/Glinsk | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.