Gruffydd Maelor
Prionsa Powys Fadog, sa Bhreatain Bheag, ab ea Gruffydd Maelor (d’éag sé sa bhliain 1191). Bíonn aithne air mar Gruffydd Maelor I chun idirdhéalú a dhéanamh idir seisean agus a garmhac, Gruffydd Maelor II (b. 1269).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 haois |
Bás | 1191 |
Powys Fadog | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Céile | Angharad ferch Owain Gwynedd |
Páiste | Madog ap Gruffydd Maelor, Cristin ferch Gruffudd Maelor ap Madog ap Maredudd |
Athair | Madog ap Maredudd agus Siwsana ferch Gruffudd |
Siblín | Owain Fychan |
Sinsir
cuir in eagarBa é mac Madog ap Maredudd agus Susanna, iníon Gruffudd ap Cynan. Bunaitheoir phríomhtheaghlach thuaisceart Powys ab ea é le linn an tríú haois déag.
Oidhreacht
cuir in eagarScoilteadh tuaisceart Powys in dhá leath sa bhliain 1160, nuair a d’éag athair Gruffydd. Chomh maith le sin, roinneadh na críocha ó thuaidh Abhainn Rhaeadr idir Gruffydd agus beirt deartháireacha, Owain Fychan agus Owain Brogyntyn. Fuair sé Maelor (bíonn aithne air mar ‘Bromfield’ freisin), agus Iâl (‘Yale’) mar oidhreacht le tíortha dá athair. Nuair a cailleadh leathdhéarthair Gruffydd, Owain Fychan, sa bhliain 1187, thugadh Nanheudwy, Cynllaith Owain agus Mochnant Íochtarach dó ar bharr sin.
Thug sé seilbh le cantref Cyfeiliog óna nianna Owain agus Meurig. Dá bharr sin, aontaíodh formhór thuaisceart Powys faoi.
Pósadh
cuir in eagarPhós sé Angharad, a chol cheathrair agus iníon Owain Gwynedd, Rí Gwynedd.
Bás agus Clann
cuir in eagarCailleadh sa bhliain 1191 é, agus clann aige, mar leanas: