Spéirling ollmhór a bhuail deisceart na Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Mheán Fómhair 2024, ab ea Hairicín Helene. Ní raibh aon choinne ag muintir North Carolina, go háirithe, leis an scrios agus an t-uafás a lean Hairicín Helene.[1] Bhí sí ar cheann amháin de na stoirmeacha is cumhachtaí riamh a bhuail Carolina agus bhí go leor damáiste déanta aici.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtHairicín Helene, 2024
Hairicín catagóir 4 () Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Hurricane Helene
(fr) Ouragan Hélène
(el) Τυφώνας Χέλεν Cuir in eagar ar Wikidata
Imchuach aigéinMuir Chairib, Murascaill Mheicsiceo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2024 Atlantic hurricane season (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse24 - 27 Meán Fómhair 2024
Gaotha marthanacha uasta225 km/h Cuir in eagar ar Wikidata
Brú atmaisféarach is ísle938 hPa Cuir in eagar ar Wikidata
bealach

Imeachtaí

cuir in eagar

Tháinig an spéirling i dtír i Florida. Bhain gaotha na spéirlinge 225 ciliméadar san uair amach in Florida. Chuaigh sí i léig i ndiaidh tamaill. Bhí rabhadh tornádó eisithe níos faide ó thuaidh.

Ba iad Florida, Georgia, South agus North Carolina na stáit ina raibh formhór den damáiste déanta. Fuair níos mó ná 160 duine bás agus bhí i bhfad níos mó ar iarraidh.

Cnámh spairne pholaitiúil

cuir in eagar

Agus Feachtas Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 faoi lánseol, chuir Donald Trump ina leith Joe Biden agus Kamala Harris gur ag cur i gcéill a bhí siad.[2] Ní raibh na seirbhísí tarrthála in ann teacht i gcabhair ar dhaoine go ceann roinnt mhaith uaireanta. Mar bharr ar an donas ní raibh práinnfhreagairt na n-eagraíochtaí stáit agus feidearálacha thar mholadh beirte. Fágadh muintir North Carolina in umar na haimléise go háirithe.