B'é Hedd Wyn an t-ainm fileata a bhí ar an bhfile Breatnach Humphrey Ellis Evans (13 Eanáir 188731 Iúil 1917). Dhealródh sé gur "Síocháin Bhán" an t-aistriúchán Gaeilge is gaire don ainm.

Infotaula de personaHedd Wyn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(cy) Ellis Humphrey Evans
13 Eanáir 1887
Trawsfynydd, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Iúil 1917
30 bliana d'aois
Ypres, An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaArtillery Wood Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteHedd Wyn Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhreatnais
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaGerald Williams (nia) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: 22e5c388-b247-424b-8f43-e27a572062fd Find a Grave: 6351 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol agus saothar cuir in eagar

B'as Trawsfynydd/Sír Feirionydd i dTuaisceart na Breataine Bige ó dhúchas do Hedd Wyn. Rugadh é i 1887, mac le Máire agus Evan Evans. Tar éis freastal ar an scoil áitiúil, d'oibrigh sé sa bhaile lena athair, a bhí ina fheirmeoir. Ghlac Hedd Wyn páirt sa Chéad Chogadh Domhanda agus maraíodh sa chogaíocht é ar an 31 Iúil 1917. Bhuaigh sé Eisteddfod Náisiúnta na Breataine Bige i mBirkenhead i 1917 d'Óid a scríobh sé, cé gur maraíodh sé mhí roimhe sin in Ypres é.

Oidhreacht cuir in eagar

Scríobh an file Roibeard Williams sraith ar leith i gcuimhne do Hedd Wyn, ag tosú leis an líne "Y bardd trwm dan bridd tramor" ("an file faoi ithir eachtrannach trom"). Cuireadh suas cuimhneachán dó, a nocht a mháthair, i lár Trawsfynydd i 1923. Dealbh práis atá sa séadchomhartha.

An scannán Hedd Wyn cuir in eagar

Rinne an stiúrthóir Paul Turner scannán faoi Hedd Wyn den teideal céanna i 1992 agus ainmníodh é le haghaidh Oscar don chatagóir "Scannán Eachtrannach is Fearr". Is ag an aisteoir Huw Garmon a bhí an príomhról sa scannán sin. Taispeánadh an scannán ar TG4 roinnt blianta ó shin.