Impire na Biosáinte idir 610 agus 641 ab ea Heraclius (575 – 11 Feabhra, 641). Chuir sé an Ghréigis i bhfeidhm mar theanga oifigiúil na hImpireachta. Tháinig sé i gcumhacht tar éis gur ghlac a athair páirt in éirí amach i gcoinne an impire Phocas. An bhliain a tháinig sé i gcumhacht, áfach, bhí an Impireacht i mbaol ó naimhde éagsúla ar dhá theorainn ar a laghad. Bhí air smacht a ghabháil i rith an chogaidh idir a impireacht féin agus Impireacht na Sasánach. Cé gur chaill na Biosánaigh na céad cathanna san fheachtas sin, bhí an t-impire in ann cailleadh iomlán a sheachaint tríd an úsáid a bhain sé as cabhlach na Biosáinte agus na ballaí cosanta láidre taobh amuigh de Cathair Chonstaintín. Ina dhiaidh sin, b'éigean dó an t-arm a láidriú, agus d'éirigh leis na Sasánaigh a dhíbirt amach as an Anatóil. Sa bhliain 627 fuair sé an bua iomlán orthu i gCath Nineveh agus cuireadh rí na Sasánach, Khosrow II as cumhacht ag a mhac, Kavadh II, a ghéill go huile is go hiomlán do Heraclius sula d'fhág sé na críocha gafa. Mar sin a tháinig an tsíocháin faoi réim arís. Ina dhiaidh sin bhí air dul i ngleic le dúshlán nua: Concais na Moslamach. Tháinig na Moslamaigh ón Araib chun críocha na Sasánach a ghabháil. Faoi 634 a bhíodar sa Siria Rómhánach, áit a fuair siad an bua ar Theodore, deartháir Heraclius. Taobh istigh d'achar gearr, d'éirigh leo An Mheaspatáim, An Airméin agus An Éigipt a ghabháil. Rinne Heraclius iarracht caidreamh taidhleoireachta a bhunú idir na Crótaigh na Seirbiaigh sna Balcáin. Rinne sé iarracht freisin, an siosma sna heaglaisí Críostaí a réiteach. Dhiúltaigh an dá thaobh glacadh leis an réiteach seo, áfach.

Infotaula de personaHeraclius

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(el) Φλάβιος Ἡράκλειος
(la) Flavius Heraclius Augustus
Beathaisnéis
Breithc. 575 (Féilire Ghréagóra)
An Chapadóic Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Feabhra 641 (Féilire Ghréagóra)
65/66 bliana d'aois
Cathair Chonstaintín Cuir in eagar ar Wikidata
Impire Biosántach
5 Deireadh Fómhair 610 – 11 Feabhra 641
← Phocas (en) AistrighKonstantinos III → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Impireacht Bhiosántach
Teaghlach
TeaghlachHeraclian dynasty (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileFabia Eudokia
Martina Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEudoxia Epiphania
 ( Fabia Eudokia)
Konstantinos III
 ( Fabia Eudokia)
John Athalarichos
 ( )
Konstantin
 ( Martina)
luach anaithnid
Teodaisias
Heraklonas
 ( Martina)
David
 ( Martina)
Martinus
 ( Martina)
Augustina
 ( Martina)
luach anaithnid
Martinha
luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHeraclius Mór  agus Epiphania
SiblínTheodore

Find a Grave: 40371788 Cuir in eagar ar Wikidata